Máire Dinny Wren
Ar feadh deich lá i mí na Samhna, agus Ealaín na Gaeltachta ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód, beidh spotsolas á chur ar na healaíona Gaeltachta, agus ar obair Ealaín na Gaeltachta a thacaíonn leo, áit a mbeifear ag léiriú na cruthaitheachta agus saibhreas na n-ealaíon atá beo beathach sa Ghaeltacht.
Tá fáilte roimh chách chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár seirbhís 25 bliana d’ealaíona, do chultúr agus d’oidhreacht na Gaeltachta.
Ón Aoine, an 10 Samhain, go dtí an Domhnach, an 19 Samhain, beidh 21 imeacht in 14 ionad, 100 rang agus imeachtaí óige ar siúl i gceantair Ghaeltachta, mar aon le 2 fhéile - An Fhéile Bheag Filíochta sa Daingean and Féile Liteartha Chorca Dhuibhne. Taispeánann an clár ilghnéitheach seo saol bríomhar na n-ealaíon atá sa Ghaeltacht, fiú le linn thráthnóntaí dorcha an gheimhridh.
Cuirfear tús leis an cheiliúradh, Dé hAoine, i nDún na nGall leis an seó siamsaíochta Bladhaire, á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag cur scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ó gach cearn den tír i láthair agus ag caint faoi stair Ealaín na Gaeltachta agus an tionchar a bhí ag a gcuid tacaíochtaí ar phobal na Gaeltachta le 25 bliain anuas.
Níos déanaí Dé hAoine, an 10 Samhain, fógróidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, deis speisialta chun aitheantas a thabhairt don tionchar a bhí ag Clannad ar an nGaeilge trína gcuid ceoil.
Tá deis á tapú fosta imeachtaí breise a chur i láthair, agus mar chuid den cheiliúradh seolfar Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 agus reáchtálfar ócáid dhá lá le ceiliúradh a dhéanamh ar an obair idirnáisiúnta. Le linn na tréimhse seo, déanfar ceiliúradh ar na pobail chruthaitheacha, na healaíontóirí samhlaíocha, na hionaid agus na heagraíochtaí luachmhara, atá i gcroílár shaol bríomhar na n-ealaíon Gaeltachta.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.