Bhain an scéálaí Eoghan Ó Curraighín, 79, de bhunadh Theileann, an comórtas scéalaíochta don 6ú uair ag Oireachtas na Samhna, i gCill Airne, i mbliana.
Tá clú agus cáil ar Eoghan Ó Curraighín i ndeisceart Dhún na nGall mar scéalaí, mar shaineolaí ar stair áitiúil agus ar dhianseanachas.
Ghlac Eoghain pairt i gcomórtas scéalaíochta an Oireachtas don chéad uair i nGleann Cholm Cille i 1989 agus níor chaill sé blian ar bith, seachas anuraidh, ó shin.
Is iomaí sin sean scéal atá ag Eoghain ar bharr a ghib agus deir sé go bhfuil cuimhne mhaith aige.
Tá a stíl fhéin ag Eoghan agus é i mbun scéalaíochta - stíl a deir sé fhéin a bhíodh ag na sean daoine.
Tá foclóireacht iontach aige agus feictear go bhfuil cuid don fhoclóireachta a mbaineann le tionscal na hiascaireachta agus talamhaíochta ag dul in éag.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.