Search

06 Sep 2025

TG4 ag Oireachtas na Samhna 2023

Seolfar an clár nua Gael Linn ag 70 ar an Aoine ag 5pm. Clár mór ceol agus siamsaíochta chun 70 bliain de Ghael Linn, ceann de na heagraíochtaí is nuálaí, is mó tionchair agus is ceannródaíche ó bunaíodh an Stát, a cheiliúradh i dteannta ceoltóirí agus amhránaithe

TG4 ag Oireachtas na Samhna 2023

Déanfaidh TG4 craoladh trasardáin beo ar feadh ceithre lá ar phríomhfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna ón 1 - 4. 

Craolfar os cionn 20 uair a cholg beo ar aer agus ar líne mar aon le hábhar eisiach eile ar na meáin shóisialta ó Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne, Contae Chiarraí le linn na féile. 

Cuirfear tús leis an gceiliúradh le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais beo ar www.TG4.ie oíche Dé Céadaoin ón 8pm. Is é Páidí Ó Lionáird a bheidh i mbun an tsearmanais bronnta. 

Beidh na healaíona béil dúchasacha á sruthú beo ar TG4.ie ón Déardaoin ar aghaidh le comórtais ardáin do dhaoine fásta ar nós: Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhráin Nuachumtha, Sceitse agus Amhrán Saothair le feiceáil ar TG4.ie. 

Beidh mór-chomórtais an tsean-nóis, Corn na bhFear, Corn na mBan agus Corn Uí Riada á sruthú beo ag TG4 chomh maith. Beidh Corn Uí Riada á shruthú beo ar YouTube TG4 ar www.youtube.com/@TG4TV 

Craolfar eagrán speisialta de 7 Lá ón INEC ag 7pm ar an Déardaoin mar a mbeidh mórstaid na Gaeilge agus na Gaeltachta á cíoradh agus á hiniúchadh ag Máirín Ní Ghadhra. Pléifear ceisteanna tábhachtacha na Gaeltachta le painéal polaiteoirí, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur agus a dtuairimí a thabhairt ar chlár speisialta ó Oireachtas na Samhna.

Ar an Aoine beidh Nuacht TG4 beo ón bhForhalla ag 7pm le hEimear Ní Chonaola á cur i láthair agus beidh scéalta nuachta na Gaeilge agus na Gaeltachta á gcíoradh leis na heagrais agus na pobail a bheidh i láthair ag Oireachtas na Samhna. Tabharfaidh an clár blaiseadh freisin de na comórtais agus na himeachtaí a bheidh ar bun ann.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Lár Stáitse i láthair ag 8pm Dé hAoine ón INEC le blaiseadh den tsiamsaíocht, den iomaíocht agus de rannpháirtíocht daoine óga as gach cearn den tír i gcomórtais na n-ealaíon teanga bhunaithe an Oireachtais.

Beidh an príomh-chomórtas damhsa ar an sean-nós Steip Beo 2023 ón INEC agus ar TG4 Dé Sathairn ag 12:30pm agus is é Joe Ó Domhnaill a bheidh ina Fhear an Tí. 

Seolfar an clár nua Gael Linn ag 70 ar an Aoine ag 5pm. Clár mór ceol agus siamsaíochta chun 70 bliain de Ghael Linn, ceann de na heagraíochtaí is nuálaí, is mó tionchair agus is ceannródaíche ó bunaíodh an Stát, a cheiliúradh i dteannta ceoltóirí agus amhránaithe. Arna léiriú ag Aniar TV Teo. Is í Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord TG4, a dhéanfaidh an seoladh.

Beidh leanaí an Oireachtais ag súil go mór le cóisir Cúla4 maidin Dé Sathairn ón 11am i Seomra Mangerton, áit a bhfaighidh siad blaiseadh de chláir nua Cúla4 ina measc an tsraith nua Is Mise a bheidh á seoladh ag an gcóisir. 

Ar an Satharn déanfaidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord TG4, SNAS TV a sheoladh i Svuít 1, Óstán Ghleann an Iolair ag 2pm. Is pacáiste nua oideachais agus foghlama é SNAS TV bunaithe ar an sobalchlár Ros na Rún agus atá ag teacht le Teastas Eorpach na Gaeilge. Déanfar athsheoladh chomh maith ar an bpacáiste oideachais agus foghlama, VIFAX. Pacáiste oideachais bunaithe ar mhíreanna Nuachta ó TG4 agus ceachtanna teanga agus foghlama a théann le Teastas Eorpach na Gaeilge. Is comhthionscnamh é seo idir Ollscoil Mhá Nuad agus TG4 Foghlaim le tacaíocht ó COGG agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Beidh meáin shóisialta TG4, MOLSCÉAL, BLOC, TG4 Foghlaim agus Cúla4 lárnach ag ócáidí an Oireachtais ar feadh na seachtaine. Beidh scléip na féile ar fad le fáil faoin haischlib #OnaS23 ar fud na n-ardán éagsúil. 

Beidh teacht ag lucht féachana ar fud an domhain ar chraoltaí trasardáin TG4 ó Oireachtas na Samhna 2023 ar sheinnteoir TG4. Is féidir an seinnteoir a fháil ar www.TG4.ie ar an Aip shoghluaiste agus ar Theilifíseáin Chliste. 

Telegael, comhlacht léiriúcháin Gaeltachta as An Spidéal i gCo. na Gaillimhe a bheith i mbun léirithe ar an sruthú, ar Lár Stáitse agus Steip. 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.