Search

16 Feb 2026

Lá mór imeachtaí ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge sa Chultúrlann 

Beidh go leor filíochta le cloisteáil i mBéal Feirste

Lá mór imeachtaí ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge sa Chultúrlann 

Beidh lá mór imeachtaí ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar an 30ú lá de mhí Mheán Fómhair. 

Beidh salón plé ar an gceist Cad chuige filíocht? Beidh an ócáid seo ar siúl ag an meanlae le Ceaití Ní Bheildiúin, Seán Ó Muireagáin, Laoighseach Ní Choistealbha agus Micheál Ó hUanacháin. 


Ar a leathuair tar éis an trí, bronnfar Corn an Chornal Eoghain Uí Néill 2023 ar an bhfile ildánach Laoighseach Ní Choistealbha. 

Ar an 5 a' chlog, beidh léamh filíochta ann le Laoighseach, Ceaití Ní Bheildiúin, Seán Ó Muireagáin agus Micheál Ó hUanacháin, agus beidh cead léamha, nó mic oscailte, ag cách ann freisin.  

Críochnóidh na himeachtaí ar an leath uair tar éis a seacht. Tá an ócáid seo feiliúnach do dhaoine a dhéanfaidh turas lae go Béal Feirste ó Bhaile Átha Cliath nó ó áiteanna eile i gcúige Uladh. 

Beidh fáilte roimh chách. Táthar ag súil go mór le slua a fheiceáil ann.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.