Máire Dinny Wren
Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Is í an file agus údar Máire Dinny Wren a bheas mar aoí ag Ailbhe sa tsraith seo. Casann Ailbhe le Máire Dinny Wren taobh amuigh de Theach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair.
Tugann siad sciuird ar cheantar Ghaoth Dobhair síos cúlbhóithre, thar aibhneacha, agus cois trá go Bád Eddie, ceantar a bhfuil croí agus anam Mháire go hiomlán ann. Insíonn sí scéalta faoina hóige ansin, agus léann sé dánta dúinn a dhéanann cur síos ar nádúr, ceol, agus craic na háite.
Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán. Beidh an clár seo ar siúl Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair ag an 2.05 tráthnóna.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.