Search

07 Sep 2025

Cur i láthair déanta ag Glór na nGael i dTeach Laighean

"Ba chóir tabhairt faoi sheirbhís cúraim leanaí trí Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath do pháistí roimh aois scoile chun go mbeidh páistí ó theaghlaigh Ghaeilge ábalta cúraim a fháil ina dteanga féin.”

Cur i láthair déanta ag Glór na nGael i dTeach Laighean

Tá próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair chun cúntóirí teanga a chur ar fáil do 16 scoil i 9 gceantar éagsúil

Tá Ghlór na Gael i ndiaidh cur i láthair a dhéanamh do Theachtaí Dála i dTeach Laighean agus dúirt san t-eagraíocht go bhfuil siad ag lorg céimeanna úra ón Stát leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Tá na céimeanna dírithe ar shealbhú teanga agus soláthar deiseanna úsáide ionas go mbeidh an féinmhuinín agus cumas ag daoine an teanga a úsáid.

Chuir Marcas Mac Ruairí béim ar ghníomhaíochtaí ar leith a dhéanadh difir ar an mhéid agus caighdeán na Gaeilge atáthar á labhairt sna pobail.

Mhínigh sé a bhfuil ar siúl ag Glór na nGael faoI láthair, ina measc súid bronntar duaischiste de thárt ar €80,000 ar choistí pobail go bliantúil mar aitheantas ar an obair a dhéanann coistí pobail ag cur chun cinn na Gaeilge agus tugann siad tacaíocht phraicticiúil agus deiseanna oiliúna do choistí deonacha mar chuid de chóras timireachta Ghlór na nGael.

Tá Glór na nGael lárnach sa phróiseas, ag tacú le Foras na Gaeilge, le Bailte Seirbhíse Gaeltachta úra a fhorbairt agus a thabhairt chun críche. Trí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, tá Glór na nGael i gcomhar leis an Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ag cur an teanga chun cinn i gcumainn ar fud fad na tíre. Mar thoradh ar an obair seo bhí infheistíocht iomlán de €122,000 in imeachtaí Gaeilge sna cumainn i 2022, 

Trí an Rannóg Teanga Tí, tá Glór ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ag tacú le agus ag cruthú líonraí pobal de theaghlaigh Ghaeilge. Le linn 2022, d’oibrigh an eagraíocht le 75 líonra agus eagraíodh 351 imeacht chuige sin. Tugann an scéim Gradaim aitheantais náisiúnta don Ghaeilge sa ghnó. Rinneadh moltóireacht ar 85 gnó a ghlac páirt sa scéim le linn 2022 agus bronnadh breis agus 100 duais. Tugann scéim Gradaim aitheantas náisúnta do ghnólachtaí a sholáthraíonn leibhéal áirithe seirbhíse i nGaeilge. Ba í 2022 an chéad bhliain ag Gradaim. Scéim na gCúntórí Teanga an scéim is déanaí atá á reachtáil ó Ghlór na nGael. Tá próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair chun cúntóirí teanga a chur ar fáil do 16 scoil i 9 gceantar éagsúil ó Leitir Ceanainn go Cathair Saidhbhín agus ó Chathair na Gaillimhe go Cluain Dolcáin (Bailte Seirbhísí Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge) 

Ag paint leis an scéim, dúirt an tUasal Mac Ruairí: “Is deis iontach í do na scoileanna atá mar chuid den scéim reatha, tacaíocht bhreise a chur ar fáil agus teanga na scoláirí a fhorbairt. Ba chóir an scéim seo a leathnú amach anois chun gach gaelscoil sa tír a chlúdach. Cinnteodh sé sin sealbhú agus saibhreas teanga na ndaltaí uile agus iad ag fágáil an chóras oideachais ar ball”

Lean sé ar aghaidh: “Tá géarghá le soiléiriú maidir leis an phróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé le Líonraí Gaeilge. Tá deontaithe reatha na Scéime Forbartha Líonraí Gaeilge ag fanacht ar an chéad ghlaoch eile do Líonraí úra.”

Ar deireadh mhol sé: “Ba chóir tabhairt faoi sheirbhís cúraim leanaí trí Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath do pháistí roimh aois scoile chun go mbeidh páistí ó theaghlaigh Ghaeilge ábalta cúraim a fháil ina dteanga féin.”

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.