Search

07 Sep 2025

Slua mór ag lá spraoi na Gaeilge i nGaillimh

Bhí go leor imeachtaí ar siúl

Slua mór ag  lá spraoi na Gaeilge i nGaillimh

D'éirigh thar barr le Lá Spraoi na Gaeilge i nGaillimh a bhí ar siúl ag páirc peile CLG Bóthar na Trá Cnoc na Cathrach ar an  Satharn seo caite. D'fhreastail breis is 500 duine ar an lá speisialta seo do theaghlaigh a d'eagraigh Teanga Tí - Rannóg Teaghlaigh Ghlór na nGael.

Reachtáladh réimse leathan imeachtaí agus ceardlanna ina measc súid bhí ceardlann ióga le hóga yoga, sceálaíocht le Julie Anne de Brún, cluichí le hógras, ceardlann drumaí le hÉamon Carrick agus bhí Coimicí Gael i mbun tarraingt cartún.

I measc na seastáin a bhí ann ar an lá bhí SiopaUdar.ie, Gaeloideachas, Futa Fata, Gaeilge ABC, Óga Yoga, Spraoi Mara agus Pastime Chonamara. Bhí Garda Cáit i láthair le fearais na nGardaí a thaispeáint, rinne Jess McGinley is na balúin agus bhí Chloe gnóthach ag péinteáil aghaidheanna. 

"Tá muid iontach sásta gur fhreastal thart fá 180 teaghlach ar an lá agus iad ag baint spórt agus spraoi as na himeachtaí a bhí ar bun sna trí pubaill agus amuigh faoin aer. Tá muid an-bhuíoch do chuile duine idir óg agus aosta a tháinig ar an lá agus ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil le CLG Bóthar na Trá Cnoc na Cathrach a thug an spás dúinn chun Lá Spraoi na Gaeilge agus Lá an Chumainn a reachtáil agus le Áras na nGael, Laya Healthcare agus Trends a thug tacaíocht don lá," a dúirt Pádraig Ó Neachtain - Oifigeach Forbartha le Glór na nGael.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.