Tá fearann na fáilte á chur ag Údarás na Gaeltachta roimh Fhéile na Meán Cheilteach atá á reáchtáil i mbliana ar an gClochán Liath i nGaeltacht Thír Chonaill, an chéad uair ag an bhFéile teacht chuig ceantar Gaeltachta in Éirinn.
Tá Féile na Meán Ceilteach ar an bhfód le breis agus dhá scór bliain agus é mar aidhm aici daoine atá ag obair sna meáin chumarsáide as na náisiúin agus na réigiúin Cheilteacha a chruinniú le chéile, ar mhaithe lena gcuid teangacha, a gcultúr agus a gcuid buanna a fhorbairt, a spreagadh agus a chur chun cinn.
Dúirt Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúnaí agus Pleanála Teanga, Rónán Mac Con Iomaire le hÚdarás na Gaeltachta:“Is iontach go bhfuil an Fhéile seo tagtha chuig Gaeltacht na hÉireann i mbliana. Tá tábhacht ar leith le tionscal na meán chumarsáide don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, idir an fhostaíocht shuntasach atá cruthaithe sna meáin agus an tábhacht ar leith atá leis na meáin chumarsáide do chaomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.
“Le roinnt blianta, tá scannáin i nGaeilge tar éis Éirinn a chur ar ardán idirnáisiúnta. Is toradh é seo ar fheabhas agus ar chruthaitheacht na ndaoine atá ag obair sa tionscal agus toradh freisin ar an infheistíocht leanúnach atá déanta i bhforbairt na tionscal in Éirinn ag áisíneachtaí stáit, Údarás na Gaeltachta ina measc. Beidh deis againn ag an bhFéile an t-aitheantas sin a cheiliúradh agus foghlaim freisin ónár gcomhleacaithe Ceilteacha faoi dheiseanna forbartha agus comhoibrithe i gcomhpháirt lena chéile. Guímid gach rath ar Fhéile na Meán Cheilteach 2023.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.