Search

06 Sep 2025

Ceiliúradh ar bun ag TG4 ar Chruinniú na nÓg 2023, lá don chruthaitheacht do dhaoine óga

Ceiliúradh ar bun ag TG4 ar Chruinniú na nÓg 2023, lá don chruthaitheacht do dhaoine óga

Beidh TG4 ag ceiliúradh Chruinniú na nÓg 2023 i gcomhpháirtíocht le Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le roinnt sraitheanna gearrscannán ina mbeidh leanaí agus déagóirí páirteach.

Tá sraith nua Cruthaím i measc na léiriúchán sin a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht daoine óga agus a chuireann leis an imeacht, Cruinniú na nÓg 2023. Tá dhá shnáithe i gceist le saothair Cruthaím na bliana seo - Ealaín Ghainimh & Spraoi Samhlaíoch.

Beidh siad sin ar fáil ar chainéal YouTube Cúla4 anseo ar Cúla4 agus ar TG4.  

Tháinig grúpaí daoine a bhí idir 10-12 bhliain d’aois le chéile chun obair a dhéanamh ar thionscadal ealaíne gainimh ar leith de chuid na todhchaí. Leanann muid na grúpaí sin ar a n-aistear de réir mar a bhaineann siad a bhfís amach faoin gcuma a bheidh ar an domhan i gceann 500 bliain.

Iarrtar ar na leanaí glacadh le samhlaíocht gan teorainn agus fís choiteann a chumadh faoin gcineál domhain ar mhaith leo a bheith ann. Ó fhocail go sléibhte, ilstóraigh spéire agus eitleáin ghrianchumhachtaithe; níl deireadh ar bith leis na féidearthachtaí.

Taifeadann muid a n-amlíne ó choincheapa samhlaíocha bunaidh trí theagasc a fháil ó shaineolaí ealaíne gainimh go dtí go mbeidh a saothar críochnaithe acu. I measc na scoileanna atá ag glacadh páirte, tá Scoil an Fheirtéaraigh i gCiarraí, Gaelscoil Bhrian Bóroimhe i mBaile Átha Cliath, Gaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach agus Gaelscoil na gCeithre Máistrí i nDún na nGall. Tá Ailbhe Ní Chuaig, Gaeilgeoir óg atá ina cónaí sa Spáinn ag glacadh páirt freisin. 

Tugann Spraoi Samhlaíoch léargas ar bhuanna sainiúla daoine óga agus ar an bhfuinneamh ar leith atá acu i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. 

Trí úsáid a bhaint as a gcuid samhlaíochta, feiceann muid grúpa daoine atá idir 5 agus 6 bliana d’aois a thumann iad féin sa chruthaitheacht chomhoibríoch bunaithe ar théama na heipeasóide. Tríd an ealaín, scéalaíocht, amhránaíocht agus drámaíocht, cuirfidh na leanaí iad féin in iúl agus beidh neart spraoi ar an mbealach.

Tá daltaí ó Ghaelscoil Mhúscraí i gCorcaigh, Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh i nDún na nGall, Scoil Mhuire i Ros Muc i nGaillimh agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa sa Mhí ag glacadh páirt sa tsraith seo.

Tá scannán faisnéise cruthaithe freisin chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chruinniú na nÓg. Sean-Nós a thugtar ar an scannán a scríobh agus a stiúir Tadhg Óg Mac Dhonnagáin a scrúdaíonn an féidir imeacht ón traidisiún agus borradh a chur faoi amhrán ar an sean-nós?

Craolfar an scannán ar TG4, Dé Sathairn, Meitheamh 10 ag 3.55pm. Leantar ceathrar óg, Áine Ní Fhearraigh, Eibhlín Ní Mháirtín, Neasa Nic Dhonncha, agus Sorcha Ní Lorcáin sa ghearrscannán faisnéise seo de réir mar a thugann siad faoi aistear ceoil le chéile chun amhrán ar an sean-nós a chur i gcomhthéacs na bliana 2023. Le cuidiú óna meantóirí, an rapálaí Oisín Mac agus an léiritheoir ceoil Vúdú (Aaron Ó Súilleabháin), cruthaíonn siad amhrán nua ar an sean-nós X hip hap. 

Is éard a dúirt Muireann Ní Chiobháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe do dhaoine óga:“Tá ríméad ar TG4 faoi 'Chruinniú na nÓg' 2023. I mbliana beidh scannán faisnéise nua ann ar a dtugtar Sean-nós a leanann ceathrar óg atá ag iarraidh fáil amach an féidir leo agus ar cheart dóibh traidisiún a bhriseadh agus stíl nua-aimseartha a chur ar amhrán ar an sean-nós?  Beidh sraith nua Cruthaím ann freisin atá léirithe ag Fíbín agus a chuireann mar atá i gceist leis an gcruthaitheacht do dhaoine óga ar fud na hÉireann agus thar lear os comhair an phobail."

Chun liosta iomlán a fháil de na gníomhaíochtaí ar fad agus chun eolas a fháil ar mar is féidir leat páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – cliceáil anseo

Seo bláisin don chlar anseo. 

Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus tá sé ar cheann de na príomh-ghníomhartha a bhaineann le hÓige Ildánach - plean chun acmhainneacht chruthaitheach gach linbh agus duine óig a chumasú. Is iad líonra Comhordaitheoirí Éire Ildánach agus foirne Cruthaitheachta agus Cultúir na n-údarás áitiúil a chuireann an tionscnamh ar fáil i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil agus tá tacaíocht faighte aige ó TG4 agus RTÉ.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.