Search

22 Oct 2025

Tugann an tAire sar-aitheantas do Fhleadh Cheoil na hÉireann

"Gabhaim buíochas leis an iliomad oibrithe deonacha agus le lucht tacaíochta sa Chomhaltas agus leis an bpobal i gcoitinne" - Aire

Tugann an tAire sar-aitheantas do Fhleadh Cheoil na hÉireann

An Mhuileann gCearr

Faomhann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin tacaíocht speisialta do Fhleadh Cheoil na hÉireann a mheastar a bheith ar an gceiliúradh bliantúil is mó ar an domhain ó thaobh ceol, teanga, amhránaíocht agus rince na hÉireann.

Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), a fuair maoiniú €2.2 mhilliún ón Roinn in 2023, ag eagrú na hócáide tábhachtaí cultúrtha seo ó reáchtáladh an chéad cheann sa Mhuileann gCearr, in 1951.

Tuigtear go bhfuil an ócáid ar cheann de na féilte cultúrtha is tábhachtaí san Eoraip.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2023, dar teideal ‘Teacht Abhaile’, ar siúl arís sa Mhuileann gCearr ó Lúnasa 6 go 14. Tá socrú déanta ag an Aire Martin le CCÉ chun tacaíocht €100,000 a chur ar fáil i dtreo chostais eagrúcháin na Fleidhe. Tiocfaidh €50,000 ón Roinn agus €50,000 ó CCÉ.

Dúirt an tAire Martin: “Guím gach rath ar Fhleadh 2023, buaicphointe inár bhféilire cultúrtha. Spreagann sé turasóireacht áitiúil chomh maith, a mheallann líon mór cuairteoirí ón mbaile agus thar lear. Tuigim go n-eagraítear an fleadh den chuid is mó mar thionscadal pobail, ag brath ar gach duine sa cheantar. Gabhaim buíochas leis an iliomad oibrithe deonacha agus le lucht tacaíochta sa Chomhaltas agus leis an bpobal i gcoitinne.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus tacaíocht Chomhairle Chontae na hIarmhí agus Bhord Comhaltais Chontae na hIarmhí, a rinne i gcomhar lena sheacht gcraobh sa Mhuileann gCearr, Baile na Carraige, Baile Chaisleán na nGeochagán, Ráth Conarta, an Mhóta, agus Baile na gCros an tairiscint an fleadh a thabhairt go baile bunaithe an Chomhaltais. D’éirigh thar barr lena n-iarrachtaí agus a dtiomantas in 2022, agus tá súil agam go bhfaighidh siad luach saothair trí thacaíocht agus freastal an phobail ar chlár na Fleidhe do 2023.”

Beidh TG4 ag craoladh beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann ón Déardaoin, Lúnasa 10 go Dé Domhnaigh, Lúnasa 13 gach oíche ó 9:30in go dtí 11in.  Craolfar an tsraith beo ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4. 

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.