Search

06 Sep 2025

Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon sa stiúideo ar An Seisiún

Is cinnte go mbeidh toradh iontach ar a saothar

Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon sa stiúideo ar An  Seisiún

Ciara Ní É

An tseachtain seo ar An Seisiún ar Raidió na Gaeltachta, beidh Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon sa stiúideo le chéile agus iad ag iarraidh trí amhrán nua i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh i dtréimhse 12 uair an chloig.   

Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath do Chiara agus is file agus craoltóir í. Bhunaigh sí an oíche filíochta REIC, agus tá saothar dá cuid foilsithe i go leor díolamaí agus tá an-chuid duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta.  

Is ceoltóir agus cumadóir é Ben Shorten. Eisíonn sé ceol faoin ainm Woodheart agus is ball é den bhanna Tomorrows.  

Bronnadh Núíosach na Bliana air ag Gradaim NÓS 2018, agus foilsíodh a chéad albam aonair, The Last Astronaut, i 2019.  

Is geabaire agus léiritheoir é James Shannon ó Bhaile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath.  Eisíodh a chéad albam aonair, The Night Before The Morning After, i 2020.  Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an clár i láthair.  

Tá coincheap ‘An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.