Search

07 Sep 2025

Duaiseanna Ghlór na nGael Bronnta in Óstán Chathair Ard Mhacha

Bronntar duaiseanna ar na coistí pobail

Duaiseanna Ghlór na nGael Bronnta in Óstán Chathair Ard Mhacha

Ag ócáid bhronnta Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael in Óstán Chathair Ard Mhacha oíche Shathairn, bronnadh duaiseanna ar Choiste Forbatha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Pádraig Dobhair), Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr (Machaire Rabhartaigh), Líonra Leitir Ceanainn agus Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair (An Chrannóg).

B’iad Coiste Forbatha Dhobhair Teo, a thug príomhdhuais Ghlór na nGael abhaile leo agus seic le haghaidh €15,000. 

Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag an ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú.

Bhain  Choiste Forbartha Dhobhair an chéad duais sa rannóg Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht  agus an dara áit sna rannóga Teaghlaigh agus Gaeltacht den chomórtas.

Fuair Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhairtaigh an chead duais sa rannóg sláinte den chomórtas.

Fuair Líonra Leitir Ceanainn an chead duais sa rannóg Stát agus Gnó den chomórtas.

Bronnadh duais speisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair (An Chrannóg).

Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Cultúrlann Uí Chanáin agus Coiste Forbartha Charn Tóchair as Doire agus An Droichead, Béal Feirste  i measc cinn eile.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Rónán Mac Aodha Bhuí as an méid atá déanta aige ó na nóchaidí i leith ar son na teanga. Ag labhairt leis an slua ar cheangal físe as Colorado Meiriceá ghabh Rónán buíochas le Glór na nGael as ucht an Gradam agus as an aitheantas agus rinne sé comhghairdeas leis na coistí pobail agus na cumainn 3ú leibheál uilig a bhain duais as a gcuid oibre ar son na Gaeilge.

Bhí ionadaithe ó breis agus fiche coiste pobail i láthair ag an bronnadh chomh maith le urraitheoirí agus maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus trí scór bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.

Bhain na grúpaí seo ó Chúige Uladh duaiseanna: Ionad Uíbh Eachach - Béal Feirste, Glór na Móna - Béal Feirste, An Droichead - Béal Feirste, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain - Béal Feirste, Cairde Teo - Ard Mhacha, Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Muineachán le Gaeilge, Coiste Forbatha Dhobhair Teo, Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr,  Líonra Leitir Ceanainn,  Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Cultúrlann Uí Chanáin - Doire agus Coiste Forbartha Charn Tóchair - Contae Dhoire.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.