Go taobh thiar don cheamara le TG4
Rachaidh TG4 taobh thiar den cheamara an mhí seo chun labhairt le gairmithe a bhfuil slí bheatha bainte amach acu sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Beidh siad i mbun cainte le déantóirí scannán, scríbhneoirí scripte, eagarthóirí, stiúrthóirí agus go leor eile faoi na deiseanna a bhí acu fad is a bhí siad ag obair trí mheán na Gaeilge.
Gheobhaidh an lucht féachana léargas ar na gairmeacha iontacha atá ag gairmithe meán cumarsáide a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach acu as a gcuid scileanna.
Sa tsraith seo, Gairm sna Meáin Ghaeilge, beidh na gairmithe seo a leanas inár dteannta, stiúrthóir fótagrafaíochta Peaky Blinders, Cathal Watters, cruthaitheoir, Corp & Anam, coirdhráma TG4, Darach Mac Con Iomaire, an déantóir cáiliúil scannán agus clár faisnéise, Rachael Moriarty, Eagarthóir BBC agus TG4, Sorcha Nic Giolla Mhuire, cruthaitheoirí ábhar do dhaoine óga, Cian Mac Carthaigh agus Rachel Nic an Ultaigh, saineolaithe ar na meáin shóisialta, Róisín Ní Mhaoláin agus Rút Ní Theimhneáin agus an dearthóir léiriúcháin agus stiúrthóir ealaíne atá lonnaithe in Los Angeles agus a d’oibrigh ar Lethal Weapon & 9-1-1, Sinéad Clancy.
Beidh tú in ann na hagallaimh seo a fheiceáil ar leathanaigh Facebook, YouTube, Instagram agus LinkedIn TG4, nó cliceáíl anseo
Neasc Youtube anseo.
Mar chuid den tsraith seo óstálfaidh TG4, Gréasán na Meáin Skillnet agus Údarás na Gaeltachta dhá mháistir-rang i mBealtaine 2023. Beidh siad á gcur i láthair ag an déantóir clár faisnéise a bhfuil duaiseanna buaite aige, Aodh Ó Coileáin.
Ina theannta beidh an scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir Darach Mac Con Iomaire a chuirfidh a mháistir-rang scríbhneoireachta ar fáil i mol gteic digiteach agus nuálaíochta i nGaoth Dobhair i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.
Pléifidh Rachel Moriarty a bhfuil scannáin agus cláir faisnéise déanta aici do TG4, RTÉ agus BBC an ealaín a bhaineann le déanamh scannán sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
Chun clárú do mháistir-ranga, seol d’ainm, ainm an mháistir-ranga ar mhaith leat freastal air agus do chuid sonraí teagmhála ar ríomhphost chuig:rsvp@tg4.ie
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.