Moya Brennan
I gclár speisialta ar Raidió na Gaeltachta, Ceiliúradh na nUltach, cloisfear míreanna ó choirm cheoil RnaG50 in Amharclann Ghaoth Dobhair i mí Feabhra.
Is é seo an chéad cheann de dhá chlár agus cloisfear roinnt agallaimh a rinneadh a thaifead le cuid den slua a bhí i láthair ar an oíche mhór cheiliúrtha. Beidh míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta ó Chúige Uladh ag síneadh siar chomh fada le 1972 le cloisteáil freisin.
I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil sa chlár ar an Luan, Aibreán 10 ag 11in, beidh Maighréad Nic Seaghain, Róisín Mhic Giolla Chearra, Donnchadh Mac Fhionnghaile, Bridie Bean Mhic Fhloinn, Marcas Ó Murchú agus Máire Colm.
Beidh ceol ón gcoirm le cloisteáil ó Na Mooneys agus Altan, Dónall Ó Ceallaigh, Connie Ó Gallchóir, Moya Brennan agus a clann, agus Clann Mhic Ruairí.
Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.