Ní haon bhréag é a rá go bhfuil saibhreas teanga, béaloidis agus seanchais le feiceáil fud fad oileán na hÉireann, in áiteanna iargúlta faoin tuath agus go mór mór sna ceantair Ghaeltachta.
Seachadadh an traidisiún láidir béaloidis seo ar aghaidh ó ghlúin go glúin, agus fiú sa lá atá inniu ann, is dócha go bhfuil draíocht agus cumhacht an tseanchais beo go fóill. Thug na scéalta seo an-inspioráid do Daniel Butler, an scannánóir agus scríbhneoir dátheangach a bhfuil clú air mar gheall ar a ghearrscannán úrnua Gaeilge darb ainm ‘Bean Feasa’.
Bhí Daniel i gcónaí iontach tógtha le saibhreas an bhéaloidis i nGaeltacht Thír Chonaill ach go háirithe, agus de bharr, bheartaigh sé tabhairt faoin tionscadal seo chun ‘an saibhreas sin a thabhairt chun beatha i scannán’.
Lonnaithe i gCloich Cheann Fhaola in iarthuaisceart Ghaeltacht Dhún na nGall, stiúrann Daniel dráma osnádúrtha Gaeilge, dráma a mhaireann 17 bomaite is a chuireann an domhan draíochtúil seo in iúl ar bhealach nach bhfuil déanta cheana féin. Theastaigh uaidh ‘síscéal a dhéanamh mar dhráma cineál comhaimseartha’, agus sin an rud a rinne sé. Leanann an píosa seo máthair (Máire Bheag Bhreatnach) a chreideann go bhfuil tinneas éigin ar mhac s’aici, tinneas dorcha, tinneas mínádúrtha. Ina hiarracht dheireanach, téann sí chuig an bhean feasa (Bernie Ní Dhuibhir) chun é a leigheas. Is í Máirín de Buitléir (bean a bhfuil clú agus cáil uirthi ó ‘Ros na Rún’) príomhaisteoir an scannáin, agus ise iníon na mná feasa. Cé go bhfuil amhras uirthi faoi obair a máthar, athraíonn na cinnteachtaí a bhí aici nuair a chasann sí ar dhuine ón ‘Dream Eile’.
Aistreoidh an gearrscannán seo go domhan eile thú, domhan an bhéaloidis agus tugann sé scéalta aitheanta ón tseanchas chun beatha go héifeachtach.
Tá an chineamatagrafaíocht sa ghearrscannán den chéad scoth, chomh maith le caighdeán na haisteoireachta, agus an stiúradh go ginearálta. Tá an-rath go deo ar an scannán seo ó eisíodh den chéad uair é - Bhuaigh ‘Bean Feasa’ an Comórtas Físín, chomh maith leis an Ghearrscannán Éireannach is Fearr ag Féile Scannán an Fheabhail an bhliain seo caite. Mura bhfuil sé feicthe agat go fóill, is fiú go mór amharc air. Tá sé ar fáil ar an shuíomh Vimeo, nó is féidir leat an nasc seo a leanúint: https://vimeo.com /750749274/5dbfaf4dcb.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.