Bhí go leor mí-ádh ag baint le bean na gruaige deirge do lucht iascaireachta Pictúir: Pixabay
Tá cúrsa úr ar na bacáin ag Gaelchultúr agus é diríthe ar sheantraidisiúin na Gaeilge. Foghlaimeoidh scolairí faoin draíocht agus faoi na piseoga rúndiamhra atá i gcroílár na Gaeilge.
Is cúrsa 10 seachtaine é seo ina ndírítear ar nósanna agus ar phiseoga atá i gcroílár phobal na Gaeilge ón tseanaimsir anall, roinnt acu a bhaineann go fóill le saol laethúil na ndaoine in Éirinn.
Pléifear traidisiúin a bhaineann le gnéithe suntasacha i saol an phobail – mar a chuaigh siad i ngleic leis an bhás, na leigheasanna traidisiúnta a bhí acu, an eagla a bhí orthu roimh an domhan osnádúrtha agus an chosaint a bhí acu ar an drochrud.
Cláraigh anois le páirt a ghlacadh sa chúrsa iontach úrnua seo. Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.