Táthar ag éagrú turas na dtíthe oidhreachta fá cheantar Thír Chonnaill i láthair na huaire. Déanfar cuairt a thabhairt ar thrí theach sa cheantar atá stair, cultúr agus oidhreacht ag baint leo.
Beidh deis ag daoine, ar Aibreán 29, cuairt a thabhairt ar Theach Mhicí Mhic Gabhann i dtús báire an áit a bheas deis ag daoine éisteacht le píosa beag staire fá Mhicí agus a theach. Beidh píosa ceoil ar an láthair agus leanfar seo le taispeántas ceardaíochta.
Beidh soláistí ar fáil. Tugtar aghaidh ar Theach Mhuiris i mBun na Leaca ag 12.45in agus is anseo a bheas deis ag daoine foghlaim faoi shean dóigheanna an cheantar.
Ar a 2in, tugtar aghaidh ar Loch an Iúir agus ar theach Níall Ó Dónaill - an áit a bheas deis ag daoine foghlaim faoi shaol an fear iomráiteach, Níall Ó Dónaill. Cuirfear lón ar fáil sula bpilleann daoine ar Dhoire Chonaire.
Beidh luach €20 ar an lae. Chun suiochán a chur san oiriúint don lá, cur teachtaireacht ag lucht Ionad Mhachaire Rabhartaigh ar a leathanach Facebook nó cur glaoch ar 083 076 9242.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.