Search

07 Sep 2025

Beatha teanga í a labhairt agus imeachtaí ar siúl ag CLG Cill Chartha

Oíche ar dóigh craic agus ceol ag CLG Cill Chartha sa Pop up Gaeltacht

Beatha teanga í a labhairt agus imeachtaí ar siúl ag CLG Cill Chartha

D’eagraigh club CLG Chill Chartha ‘Pop-up Gaeltacht’ i dTeach John Joes, Cill Chartha ar an 3ú lá de mhí Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, 2023.

Is iad Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha á chruthaighan coincheap an

‘Pop-up Gaeltacht’ nó ‘Preab-Gaeltacht’ agus tugann sé deis do dhaoine theach le chéile agus Gaeilge a labhairt ní miste cé acu an bhfuil siad líofa nó ag foghlaim na teangan. Tagann na daoine le chéile ag láthair neamhfhoirméalta - de ghnáth teach tábhairne.

Bhain achan duine sult as an oíche, lán de chultúr, ceol agus craic a bhí i gCill Chartha. D’eagraigh Oifigeach na Gaeilge le CLG Chill Chartha, Aimée Ní Bheirn, an ‘Pop-Up Gaeltacht’ le tacaíocht ó Ghlór na nGael.

Is mac léinn MA i Léann na Gaeilge í Aimée Ní Bheirn ó Fhiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt sí: “Tá neart daoine ón cheantar seo le Gaeilge ach caithfidh muid

imeachtaí a eagrú, imeachtaí atá oscailte d’achan duine atá ag iarraidh a bheith páirteach. De bharr sin tá CLG Chill Chartha ag iarraidh Pop-Up Gaeltacht a eagrú go rialta, tá mé iontach sásta leis an chéad imeacht agus tá muid ag súil go mór leis an chéad cheann eile.”

Gabh Mícheál Mac Seáin, cathaoirleach CLG Chill Chartha buíochas leo seo a bhí i láthair. Is í Naomi Nic Giolla Chearra a chuir tús leis an tsiamsaíocht ar an oíche nuair a chan sí amhrán i nGaeilge. I ndiaidh an cheoil, d’aithris John Joe Ó’Beirne an dán ‘An Bonnán Buí’ le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna. Bhí tús maith leis an oíche agus lean an chraic ar aghaidh agus ghlac daoine an deis cúpla amhrán a cheol fosta. Thacaigh gnóthaí nó daoine áitiúla leis an imeacht agus ba mhaith le CLG Chill Chartha a mbuíochas a chur in iúl díofa siad sin, Teach John Joes, Drioglann Ard an Rátha/Driogairí Shliabh Liag agus ealaíontóir smididh Laura Ní Bheirn.

Bhí an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’ scríofa ar phóstaer don imeacht le CLG Chill Chartha agus míníonn an seanfhocal seo an tabhacht atá i gceist le himeachtaí a chruthú leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail, a dúirt Aimée. Tá CLG Chill Chartha ag iarraidh níos mó imeachtaí agus ranganna a eagrú trí mheán na Gaeilge.

Thug Glór na nGael, Foras na Gaeilge agus Foclóir.ie tacaíocht don Pop-Up Gaeltacht CLG Chill Chartha.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.