Moya Brennan
Déanfaidh BBC Gaeilge comóradh ar Sheachtain na Gaeilge, ceiliúradh idirnáisiúnta bliantúil na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, le réimse ábhair ar ardáin éagsúla s’acu.
Idir ceiliúradh i Ríocht Mhúrn agus oíche ar leith d’ábhar ceoil oíche Lá Fhéile Pádraig, beidh béim fosta ar an dóigh a ndéantar freastal ar riachtanais bhreise oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta sna sé contae, chomh maith le sraith ar-líne d’fhíseáin do pháistí ar an cheardaíocht. Beidh deis eile Doineann a fheiceáil chomh maith, an chéad scannán lánfhada Gaeilge a rinneadh go hiomlán i dTuaisceart Éireann, agus Oíche Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le Ceiliúradh na Féile Pádraig a taifeadadh in Ard Macha anuraidh.
Blas Déardaoin 16 Márta
BBC Sounds, BBC Raidió Uladh, 7in
Cuireann Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail craoladh seachtrach speisialta i láthair ó Áth na Long, Contae an Dúin, mar cheiliúradh ar chomóradh deich mbliana an ionaid pobail Gaeilge, Páirc na Mara. Cluineann Blas ó chuid de na chéad pháistí a bhí ar Ghaelscoil na mBeann, an scoil lán-Ghaeilge i gCill Chaoil, ó dhíograiseoirí áitiúla Gaeilge agus ó bhaill de chuid an chlub
óige lán-Ghaeilge sa cheantar. Mar chuid den chlár fosta, beidh an chuid is fearr den cheol traidisiúnta atá le fáil i Ríocht Mhúrn le cluinstin.
Oíche Lá Fhéile Pádraig
Beidh ceiliúradh speisialta ceoil ag BBC Gaeilge Oíche Lá Fhéile Pádraig. Tóg amach na bróga damhsa ó 8.30in, nuair a bheidh na ceoltóirí Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail agus Dónal O’Connor ag cur i láthair cuid de na poirt Ghaelacha thraidisiúnta is ansa leo. Ar a 9in ar Blas Ceoil, beidh seans eile éisteacht le hagallamh Chaoimhe le Jim Lockhart as na Horslips, faoin chaoga bliain atá caite sa cheol ag na racairí Ceilteacha.
I ndiaidh Chaoimhe, ar a 10in, cuirfidh Lynette Fay Irish Music Icons i láthair. Mar chuid den chlár, beidh an t-agallamh a craoladh cheana leis an cheoltóir Éireannach mór le rá, Paul Brady. Idir an Srath Bán agus Baile Átha Cliatha agus an t-ardán domhanda, gairm 40 bliain a bhí sa cheol aige agus réimse ann idir na Gormacha, Cheol Tíre agus Rac-cheol ag obair le leithéidí Tina Turner agus Carole King.
Le clabhsúr a chur le hOíche Lá Fhéile Pádraig, beidh Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail agus Dónal O’Connor ar ais ar a 11in le tuilleadh den chuid is fearr den cheol thraidisiúnta Ghaelach.
Blas Ón Taobhlíne
Luan 6 Márta
BBC Sounds, BBC Raidió Uladh, 7in
Sula mbeidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ann, díríonn Ón Taobhlíne le Fearghal Mag Uiginn ar rannpháirtíocht agus ar choinneáil na mban sa spórt ag gach leibhéal, idir faoi aois agus scothspóirt.
Blas
Céadaoin 8 Márta
BBC Sounds, BBC Raidió Uladh, 7in
Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana, beidh an láithreoir Máire Bhreathnach ag caint ar chothromaíocht oibre is saoil, ar na mná sa pholaitíocht agus ar cheisteanna sábháilteachta do mhná le paineál de thriúr iriseoirí, Póilín Ní Chiaráin, Máirín Ní Ghadhra agus Póilín Nic Géidigh.
Blas (mionsraith 3 chuid)
Ó Luan an 7ú Márta
BBC Sounds, BBC Raidió Uladh, 7in
I mionsraith speisialta do Blas atá le tosú ar an 7 Márta, amharcfaidh an láithreoir Dáithí Ó Muirí, thar thrí seachtaine, ar an fhreastal atá ar riachtanais bhreise oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta. Tosaíonn an tsraith le dearcadh ar leith Shiobháin Uí Dhálaigh, múinteoir scoile a rugadh i mBéal Feirste a fuair a diagnóis uathachais féin tríocha bliain i ndiaidh an
scoil a fhágáil.
Draíocht le Drithle
Ó Luan an 17 Márta
bbc.co.uk/gaeilge
Sa tsraith nua ceithre chuid seo d’fhíseáin ghairide cúig bhomhaite, cuireann Drithle Adams, teagascóir ealaíne agus éascaitheoir ceardlainne do pháistí, smaointe snasta don cheardaíocht i láthair páistí. Is é Corcra Media a léirigh an tsraith, ina bhfuil fotheidil dhátheangacha, do BBC Gaeilge, le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag
Scaileán Thuaisceart Éireann, agus tá treoracha agus leideanna céim ar chéim ann do thograí ealaíne agus ceardaíochta. Tá réimse téamaí ann atá fóirsteanach d’Eochairchéim a hAon agus a Dó a dhíríonn ar an Domhan Thart Orainn, ar a n-áirítear: Ealaín chloiche, Ealaín athchúrsála (beathadán éan; dealbh sceire), Colláis le priontáil duilleog agus Spás (crios astaróideach; roicéad).
BBC iPlayer; BBC Two Northern Ireland
Beidh ceiliúradh ar an chuid is fearr de scannáin agus den cheol Ghaelach ar an Teilifís agus ar iPlayer le linn Sheachtain na Gaeilge, agus deis eile réimse leathan de chláir BBC Gaeilge a fheiceáil.
Doineann
Domhnach 19 Márta
BBC iPlayer; BBC Two Northern Ireland, 10in
Molta go hard ag lucht pictiúlainne in California agus i nGaillimh araon, tá páirt ann ag Bríd Brennan as Béal Feirste agus ag an aisteoir Peter Coonan a rugadh i mBaile Átha Cliath. Is scéal lán cor agus teannais é an sceinséir seo a scannanaíodh go hiomlán i dTuaisceart Éireann, ina dtéann Tomás (Coonan) abhaile chuig oileán scoite lena fháil amach go bhfuil a
bhean is a leanbh mic ar iarraidh.
Ar Scáth An Cheoil
Luan 13 Márta
BBC iPlayer; BBC Two Northern Ireland, 10in
Tá deis eile ann amharc ar an tsraith cheoil ceithre chuid a fhiosraíonn cuid de na taifeadtaí is tábhachtaí a rinneadh le 50 bliain anuas sa cheol tráidisiúnta agus tíre. Gach seachtain, labhróidh scaifte scoth-cheoltóirí as na ceithre hairde ar an oileán faoi na tionchair a bhí orthu agus seinnfidh siad na hamhráin is fearr leo ón chartlann.
Le linn na sraithe, beidh réimse ceoltóirí, ar a n-áirítear Moya Brennan, Cathal Hayden agus Brian Finnegan ag obair le chéile ar léirithe agus ag caint ar an dóigh a gceadaíonn siad i rith ama an chartlann shaibhir sin de cheol traidisiúnta agus tíre a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin thar na blianta. Labhraíonn siad ar an dóigh a ndeachaidh ceoltóirí, stíleanna agus píosaí ceoil ar leith i bhfeidhm ar a gcuid oibre féin.
Beart Bunting
Tá sé seo ar fáil ar BBC iPlayer san am i láthair
Cuireann Beart Bunting, clár a craoladh den chéad uair ag deireadh 2022, beocht ar ais i gcuid de bhailiúchán ceoil Edward Bunting a ndearnadh neamart inti, sa chlár uair an chloig seo ina dtéann seisear ceoltóirí tráidisiúnta i gcomhar leis an Strabane Brass Band. Rugadh Bunting in Ard Macha in 1773, agus bhí sé ina cheoltóir agus ina bhailítheoir ceol agus poirt
thraidisiúnta.
Ceiliúradh na Féile Pádraig
Aoine 17 Márta
BBC iPlayer; BBC Two Northern Ireland, 9in
Tá Brian Kennedy, Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin agus Clare Sands i measc na n-amhránaithe agus na gceoltóirí atá ag teacht le chéile ar mhaithe le hoíche speisialta ar Lá Fheile Pádraig ar BBC Two Northern Ireland.
John Toal agus Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail á óstáil, tá deis eile Ceiliúradh na Féile Pádraig a fheiceáil, clár a taifeadadh i dteach Tábhairne Basil Shiels in Ard Macha ag deireadh mhí Feabhra anuraidh.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.