I gclár úr do BBC Gaeilge, Séamus Mac Murchaidh - Díolta Faoina Luach, téitear sa tóir ar an fhile, ar an uasal Gaelach agus ar an ropaire trí thaiscéalaíocht a dhéanamh ar cheantar an amhráin agus ar an oidhreacht a d’fhág sé ar an áit.
Crochadh Mac Murchaidh in 1750 agus tá leac os cionn a uaighe i reilig an Chreagáin in Ard Mhacha. Ina luí sa reilig chéanna, tá an fear a chroch é. Deirtear nach bhfuil aon taifead oifigiúil ar fáil de shaol Shéamuis, i nGaeilge nó i mBéarla. Ach tá a amhrán féin aige.
Pléann an t-amhrán le héirí amach, le cos ar bolg, leis an ghrá, le calaois agus leis an fheall agus deirtear gur scríobh Séamus féin cuid de agus é i ngéibheann.
Fiosraíonn Antaine Ó Donnaile, láithreoir an chláir, scéal an amhráin agus scéal na ndaoine a chan é. Tugtar le fios do gur cuireadh an t-amhrán ar aghaidh ó bhéal go béal síos tríd na blianta ó ghlúin go glúin agus go nascann sé an Ghaeilge le muintir na háite. Sa lá atá inniu ann, tá macalla ainm Shéamuis Mhóir Mhic Mhurchaidh le cluinstin go fóill thart ar
mhalaí Shliabh gCuilinn.
Fiosraíonn an clár mar a díoladh Séamus faoina luach agus an chúis gur crochadh é. Faigheann Antaine amach gur mhair an t-amhrán agus na scéalta faoi Shéamus sa cheantar agus gur shábháil díograiseoirí Gaeilge, amhail An tAthair Lorcán Ó Muirí, iad.
I ndiaidh dó blúiríní de na scéalta agus na h-amhráin a chur le chéile, bhí Ó Muirí in ann mionchuntas a thabhairt ar an tóraí iomráiteach – a bhí ar dhuine de na daoine is seachantaí agus is tragóidí i mbéaloideas Chúige Uladh.
Beidh Séamus Mac Murchaidh - Díolta Faoina Luach ar fáil ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ón Domhnach, Feabhra 19 ar 10in.
Tá dráma leis fosta a bheidh ar BBC iPlayer amháin. Insíonn Séamus Mac Murchaidh – An dráma scéal eipiciúil agus tragóideach an cheithearnaigh coille chlúitigh as deisceart Ard Mhacha agus beidh fáil air ón Domhnach, Feabhra 19.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.