Is ábhar áthais do lucht Oireachtas na Gaeilge a fhógairt go bhfuil ag glacadh le hiarratais do chomórtais liteartha an Oireachtais 2023. Tá tríocha haon comórtas ar chlár na bliana seo, cúig déag acu dírithe ar scríbhneoirí fásta agus sé cinn déag dírithe ar scríbhneoirí óga.
Tá réimse leathan seánraí ar an siollabas comórtais ina measc úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán agus drámaíocht ina measc.
Cuirfear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus cuirfidh an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do na scríbhneoirí ar a gcuid saothar.
Is féidir iarratas a chur isteach ar-líne ag an nasc seo nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2023, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, H91 XP6E.
Spriocdháta iontrála, Iúil 1, 2023.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.