Bunaíodh Feis Dhoire Cholmcille i 1922, i rith tréimshe corrach leis an aidhm go mbeadh an Ghaelachas níos láidre sa Tuaisceart.
Bhí daonra na nGael ar an talamh sin in ísle brí agus ba mionlach iad ag an am. Thuig siad an tábhacht agus an dualgas a bhí orthu gach gné den chultúr a chaomhnú do na glúine a bhí le theacht.
Táimid faoi chomaoin ag na hoibrithe deonacha agus na ceannródaithe seo.Rinne siad é 'Do chum glóire Dé agus Onóra na hÉireann' agus is é sin mana an Feis fós.
Dúradh gur dhúirt Dr John Francis Larchet, a bhí ina mholtóir ar an cheol, i 1922: 'Of what I have heard, I would say that Dublin would have to wake up or come to Derry to be awakened.'
Is í an teanga bunchloch an cultúr Gaelach agus eascraíonn gach gné eile ón lárionad teangeolaíoch sin mar go léiríonn sí intinn na ndaoine tre nósanna cultúrtha, ar nós damhsa, ceol agus amhránaíocht. Tá an traidisiún bardúil chomh sean leis an gcine Gaelach féin.
Is gnáthchleachtas é scéalta a thabhairt ó ghlúin go glúin ó bhéal leis na mílte bliain agus is eispéireas é a bheith mar chuid den slabhra sin i mo bhaile dhúchais.
Bhí sé ina chúis mhór áthais dúinn dhá chomórtas speisialta do 'An Teanga' i rith cothrom céad bliain a fhógairt, chun Feis Dhoire Cholmcille a cheiliúradh. Ceann do daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile. Bhí an treorú mar seo a leanas: "I dtrí chéad focal scríobh forógra ar do dhóchas do thodhchaí Éire Gaelach, go háirithe an teanga, don chéad bhliain eile atá le theacht – nuair a bheidh an Fheis dhá chéad bliain d'aois. Iarrfar ort do phíosa a léamh os ard don chomórtas agus a bheith i láthair nuair a thugtar an moltóireacht."
Bhí cuid mhór iontrálacha againn agus is dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach an méid a scríobh buaiteoir faoi ionchais na Féile glórmhar seo agus an tionchar a bheidh aige ar an todhchaí a roinnt libh:
"Éireannaigh agus mná na hÉireann sa lá atá inniu ann tá ceist curtha orm, 'cad é do dhóchas don Ghaeilge i gceann céad bliain eile agus Feis Doire Cholmcille 200 bliain d'aois?'
Anois tar éis dom an cheist seo a chloisteáil smaoinigh mé láithreach ar an fáth ar cuireadh Feis Doire ar bun ar an gcéad dul síos? Bhuel tá a fhios againn go raibh sé tar éis críochdheighilte na tíre agus bhí a fhios ag na daoine 100 bliain ó shin a bhunaigh Feis Doire go raibh orthu a gcultúr a choinneáil beo trí na cruatanna a bheadh romhainn mar Éireannaigh ó thuaidh.
Bhí sé de dhualgas orthu ár n-oidhreacht a choinneáil beo 100 bliain ó shin. Anois is seal s'againn é a choinneáil beo ar feadh céad bliain eile.
Is é mo dhóchas don Ghaeilge ná go múinfear gach scoil tríd an Ghaeilge. Tá rogha na Gaeilge ag gach aip, bíodh sé ar fhóin nó ar ríomhaire. Déantar gach afrainn tríd an Ghaeilge.
Ba mhaith liom go mbeadh an teanga á labhairt chomh nádúrtha agus a labhraíonn daoine Béarla anois agus ní hamháin go n-úsáidtear an Ghaeilge mar straitéis mhargaíochta do chomhlachtaí móra chun iarracht a dhéanamh tarraingt do chainteoirí Gaeilge. Ba chóir go mbeadh meas níos mó ar an teanga, ar son Dé tá an teanga 3000 bliain d'aois, is í ár n-oidhreacht bheo í maidir le cé muid féin.
Ba chóir go mbeadh cúrsaí Gaeilge beagnach gach áit chun í a chur chun cinn agus cuidiú le daoine í a fhoghlaim agus a thuiscint.
Go dtí go bhfuil gach scoil tríd an Ghaeilge ba chóir spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí a bpáistí a chur chuig scoil Ghaeilge mar gurb é sin an tús is fearr is féidir leo a thabhairt dá bpáiste.
Ach sa deireadh tá sé suas fúinne cuidiú leis na rudaí seo go léir a thosú. An féidir linn a bheith ar an eolas nach ndearna muid gach rud is féidir linn a dhéanamh chun Éire a fheabhsú don chéad ghlúin eile agus don chéad ghlúin ina dhiaidh sin?
An féidir linn a rá lena chéile gur Éireannaigh muid mura ndéanaimid ár ndícheall agus an Ghaeilge a athbheochan? Mar a dúirt mé ag an túis tá sé seal s'aginne chun an feis a choinneáil ag imeacht do 100 bliain eile.
Mar a théann an sean-fhocal Tír gan teanga - tír gan anam.
Sna focail seo thuas is léir cad é éiteas an Feis agus a teanga Gaelach a leanfaidh ann ar feadh na gcéadta bliain amach romhainn le cúnamh Dé.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Míċeál-Piaras seol ríomhphost chuig: moceallaigh01@stmarys-belfast.ac.uk.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.