Search

06 Sep 2025

An bhfuil óige an duine óg níos fearr ná óige an duine fásta?

An bhfuil óige an duine óg níos fearr ná óige an duine fásta?

“Nach bhfuil saol chomh héasca ag daoine óga na linne?”, a chloisimse arís is arís eile.
“Tá gach rud i bhflúirse ar domhan agus tá saolta aoibhne i ndán dóibh i dtréimhse na
teicneolaíochta. Nuair a bhíodh muid óg, ní bhíodh ach dhá chainéal ar an teilifís. Ní dhéanadh
go leor daoine an Ardteist mar go mbíodh orainn dul amach ag obair go crua ó bhreacadh an lae
go luí na gréine chun airgead a thuilleamh dár dteaghlaigh – ní fhaighimis oideachas mar a
fhaigheann an aos óg sa lá atá inniu ann. Ní bhíodh carr againn fiú, gan trácht ar fhón póca”.
Bhuel, a chairde, “ní mar a shíltear a bhítear”, mar a deir an seanfhocal.

B’fhéidir go gceaptar go bhfuil saol i bhfad níos éasca ag an dream óg sa lá atá inniu ann i gcomparáid leis na glúnta a tháinig romhainne. Ní sin an cás, áfach. Ar ndóigh, tá buntáiste na
teicneolaíochta againne, ach leis sin a thagann go leor míbhuntáistí freisin. Tá níos mó
fadhbanna ná riamh sa domhan nua-aimseartha seo.

Ar an gcéad dul síos, ní féidir dearmad a dhéanamh ariamh ar chóras oideachais na
hArdteistiméireachta. Tá an iomarca brú curtha orainn chun torthaí sásúla a bhaint amach i
scrúduithe nach maireann ach seachtain nó dhó inár saolta. Braitheann ár dtodhchaí orthu, ach
ní fiú codail a chailleadh fúthu. Anuas ar sin, ná labhair liom faoin CAO agus na riachtanais a
bhíonn de dhíth chun áit a fháil sa Tríú Leibhéal. Seafóid iomlán atá ann. Éinne a cheapann gur
córas oiriúnach é, is as a mheabhair atá sé.
Mar bharr ar an donas, caithfear tionchar na meán sóisialta a chur le brú na scoile. Níl
bealach eile é a rá seachas go mbíonn déagóirí gafa lena bhfóin póca. Domhnach is dálach,
bíonn siad ag tabhairt neamhairde ar an domhan timpeall orthu mar atá, chun díriú isteach ar
an domhan ficseanúil a chruthaítear ar líne. Maolaisnéis ab é a rá go bhfuil smacht ag an
teicneolaíocht orainn. Ní beag an tionchar a bhíonn aige sin ar mheabhairshláinte na ndaoine
óga. Is minic a cheaptar nach bhfuil ár saolta sách foirfe i gcomparáid leis na cinn bréagacha a
fheictear ar na meáin shóisialta.
Ar an drochuair, ní hamháin siúd, ach is iomaí fadhb eile a chuireann isteach ar
mheabhairshláinte dhaoine óga an lae inniu. Sheas muid an fód i gcaitheamh an phaindéim Covid-19  agus muid ag tacú lena chéile ar fud na cruinne, ach tá go leor rudaí tar éis tarlú ina
diaidh a chaitheann amhras ar chúrsaí sábháilteachta. Ní chaithfear ach breathnú ar na cogaidh
sa Phalaistín agus san Úcráin chun achrainn mhóra a fheiceáil. Fiú na círéibeacha i
bpríomhchathair na tíre seo le déanaí. Neamhchinnteacht ollmhór atá inár saolta amach
romhainne maidir le sábháilteacht.

Sin gan tagairt de cheann de na fadhbanna is práinní ariamh. Athrú aeráide agus téamh
domhanda. Tá caighdeán na timpeallachta ag dul le fána lá i ndiaidh lae ach, sin ár dtodhchaí.
Tá an domhan ina phraiseach agus is mór an náire é a leithéid a fheiceáil leis an eolaíocht ar fad
atá againn. Is linne é an domhan seo, ach leis an gcaoi ina bhfuil rudaí, ní bheidh sé againn go
deo.
Sin an cineál saoil atá againn mar ógánaigh i láthair na huaire, agus níl sé sin sách maith.
Ceapaim go bhfuil meon ró-shimplí agus róchlaonta ag na daoine fásta a deir go bhfuil chuile
rud “togha” agus saol gan dua, gan deacracht ag daoine óga na linne, i gcomparáid leosan nuair
a bhí siad ina ndéagóirí. Ní sin an cás ar chor ar bith.
Bhuel, sin an chaoi a mothaímse faoi, ar aon nós…

Domhnall Ó Scallaidh

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.