Tá an bhliain úr againn anois agus beidh go leor daoine atá rúin déanta acu don bhliain amach romhainn. Léiríonn go leor staidrimh nach maireann na rúin a dhéanann daoine ag an am seo don bhliain.
Beidh daoine ag treabhadh tríd mí Eanair ag súil le níos mó léitheoireachta, níos mó aclaíochta agus níos lú a íthe, i 2024.
Ach, is beag duine á smaoiníonn go dtige leat gach rud a dhéanamh gan stró tré rún amháin a dhéanamh - níos mó smacht a bheith agat ort féin.
D'athraigh mise mo shaol na blianta ó shin. Shocair mé dhul amach ag siúl ag am lóin - déanaim iarracht thar 5,000 coiscéim a dhéanamh go laethúil, trí bhéile á ithe sa lá agus méid áirithe a scríobh gach lá.
Ach, anuas ar an donais sin, déanaim iarracht a bheith cineálta liom féin - caitheamh liom féin mar a dhéanfainnsa le daoine eile. Uaireanta tugann muid níos mó ama, airde agus measa do dhaoine eile nó mar a thugann muid orainn féin agus is fiú g mór sin a athrú.
Ceann beag eile a mholfainnsa - gan aird a ghlacfadh ar cháineadh a dhéanann daoine ort - níl ann ach tuairim duine amháin agus ar bhfiú éirigh feargach do bharr? Níor bhfiú.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.