Search

06 Sep 2025

Géarchéim Tithíochta – Géarchéim Teanga

Géarchéim Tithíochta – Géarchéim Teanga

Le cúpla bliain anuas tá go leor airde á tharraingt ag muintir na Gaeltachta ar an ghéarchéim
tithíochta atá ag cur dlúis leis an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht - ó Bhreanndán Ó Beaglaoich agus
a fheachtas tithíochta i 2021, go feachtas in éadan forbairtí tithíochta i nGaeltacht Rath
Cairn nach dtabharfadh aitheantas ar bith do chuid riachtanas na Gaeltachta sin go dtí an tsraith
cruinnithe poiblí a eagraíodh fán ghéarchéim tithíochta i nGaeltacht Thír Chonaill, sa bhliain 2022.

Ag ceann de na cruinnithe céanna in Anagaire cuireadh i láthair an phobail go bhfuil os cionn 40% de na tithe i nGaeltacht Thír Chonaill ina dtithe saoire nó go bhfuil siad folamh ar fad – dar le figiúirí
dhaonáireamh 2016.

I gceantracha áirithe Gaeltachta i dTír Chonaill tá an figiúr níos airde arís – 65% de na tithe i Ros Goill, mar shampla, atá ina dtithe saoire agus ina dtithe folmha agus turasóirí go fóill ag iarraidh tuilleadh tithe saoire a thógáil ann san am i láthair.

Le linn na gcruinnithe fán tithíocht i nGaeltacht Thír Chonaill rinneadh plé ar chuid moltaí Chonradh na Gaeilge óna cháipéis ‘Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht’ agus bhí glacadh ginearálta leo.

Tá tacaíocht faighte ag na moltaí seo ó choistí pleanála teanga agus coistí pobail Gaeltachta ar fud na tíre.
Le cúpla mí anuas, le tacaíocht Chonradh na Gaeilge, tá céim úr ar aghaidh tugtha ag oifigigh
phleanála teanga agus bainisteoirí comharchumann agus eagraíochtaí pobail Gaeltachta i dTír
Chonaill san fheachtas seo le haghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht – tá litir
seolta againn chuig bainistíocht shinsearach na comhairle contae ag iarraidh cruinnithe leo le
forbairt a dhéanamh ar pholasaí don tithíocht sa Ghaeltacht mar chuid den phlean forbartha contae.
Tá an litir seo ag teacht sna sála ar aighneachtaí uainn le leasú a dhéanamh ar an phlean forbartha
contae.


Ba mhian linne atá ag obair i gcothabháil na bpobal áitiúil Gaeltachta, atá i mbaol a ndíothaithe mar
phobail teanga dar leis an taighde reatha sochtheangeolaíochta, cruinniú a eagrú leo siúd i
gComhairle Contae Dhún na nGall atá freagrach as an phlean forbartha contae a chur i gceann a
chéile agus leo siúd, go háirithe, atá freagrach as pleanáil tithíochta mar a mbaineann sé le ceantair
Ghaeltachta.


An sprioc atá againn mar oifigigh phleanála teanga agus mar bhainisteoirí comharchumainn agus
eagraíochtaí pobail Gaeltachta, nó go ndéanfar cinnte go dtabharfar pleanáil chuí agus fhóirsteanach
tithíochta i gceantracha Gaeltachta san áireamh i ndréachtú an phlean forbartha contae.

Ba mhaith linn go sonrach go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí uilig atá déanta ag Conradh na Gaeilge ina
ndoiciméad “Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht – Moltaí”.
Aithníonn na saineolaithe sochtheangeolaíochta go bhfuil an Ghaeilge i mbaol práinneach mar
theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá dlús pobail labhartha ar cheann de na coinníollacha
sochtheangeolaíochta is tábhachtaí le déanamh cinnte go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga pobail
i gceantar ar leith agus aithnítear go gcaithfear an dlús sin a choinneáil os cionn 67% ar a laghad le
sláinte na mionteanga a chinntiú. Mar sin tá sé fíorthábhachtach go mbeadh polasaí láidir tithíochta
do Ghaeltacht Thír Chonaill mar chuid den phlean forbartha contae.

Ar chuid de na moltaí is tábhachtaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge tá coinníollacha láidre teanga a
bheith ag gabháil le cead pleanála agus ceannacht tithe sa Ghaeltacht, 90% de sholáthar tithíochta
na Gaeltachta a bheith curtha i leataobh do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine de bhunadh an
cheantair – is cuma Gaeilge a bheith acu nó gan í a bheith acu, srian ar thithe saoire agus scéim
tithíocht shóisialta inar féidir le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ar a dtalamh féin nó ar thalamh
a muintire, i measc go leor moltaí maithe fiúntacha eile.
Mar chéim thábhachtach leis an sprioc seo thuas a bhaint amach tá cruinniú iarrtha againn le
bainistíocht shinsearach na comhairle contae. Sheol muid ár litir chucu ar 19 Deireadh Fómhair agus
tá muid go fóill ag fanacht le freagra uathu. Tá súil againn nach mbíonn moill rómhór ann nó tá idir
ghéarchéim tithíochta agus ghéarchéim teanga i nGaeltacht Thír Chonaill agus creideann muid gur
féidir linn cuidiú leis an chás ach polasaí fóirsteanach don tithíocht sa Ghaeltacht a chur i gceann a
chéile agus a chur i bhfeidhm gan mhoill.
Tá súil againn leis an fheachtas seo dul i bhfeidhm ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall, le léiriú
dóibh go bhféadfaidís a bheith ceannródaíoch agus ina eiseamláir dea-chleachtais ó thaobh na
Gaeltachta de – agus gur chéim í seo i dtreo Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht
a bhaint amach don tír ar fad.
----
Meitheal Pleanála Teanga Dhún na nGall, le tacaíocht Chonradh na Gaeilge, atá luaite leis an litir
chuig bainistíocht shinsearach na comhairle contae:

Seanán Mac Aoidh, Bainisteoir, Pobal Eascarrach.

Le tacaíocht ó:
Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola agus Ball de bhord Údarás na
Gaeltachta.
Róisín Ní Chinnéide, Conradh na Gaeilge.
Aodh Mac Ruairí, Oifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir.
Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga do Leitir Ceanainn.
Líonra Leitir Ceanainn.
Liam Ó Flannagáin, Oifigeach Pleanála Teanga Dhún na nGall Theas.
Conán Glas, Oifigeach Pleanála Teanga Árainn Mhór.
Póilín Uí Ghallachóir, Oifigeach Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.
Céim Aniar Teoranta.
Gráinne Nic Niallais, Oifigeach Pleanála Teanga BSG an Chlocháin Léith.
Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch
an Iúir.

John Ó Fearraigh, Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus
Loch an Iúir.
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Mary Uí Bhriain, Oifigeach Pleanála Teanga na Rosann.
Forbairt na Rosann.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.