Search

06 Sep 2025

Tuarim: An Teicneolaíocht le Ryan Ó Pluingcéid , 3ú Bliain, Coláiste Thulach Mhór

Tuarim: An Teicneolaíocht le Ryan Ó Pluingcéid , 3ú Bliain, Coláiste Thulach Mhór

Dia Duit! Is mise Ryan agus labhróidh mé inniu faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht. Dar liomsa, is léir gur ábhar riachtanach agus tábhtachtach í an teicneolaíocht um an dtaca seo.

Creidim é seo mar úsáidtear an teicneolaíocht timpeall an domhain. Úsáidtear an teicneolaíocht chun gach rud a dhéanamh. Mar shampla, úsáideann muid an teicneolaíocht chun ár saoil a dhéanamh níos éasca. Ach, faraor, ar an lámh eile, tarlaíonn rudaí mailíseacha ar líne.

Buntáiste amháin ná d’fhéadfadh gach duine eolas a churdach i bpreabadh na súl. Mar gheall air seo, is féidir linn leas a bhaint as an idirlíon. Mar shampla d’fhéadfadh daltaí taighde a aimsiú ar líne saor in aisce. Dá bharr sin, is féidir linn am agus airgead a shábháil. Ó thaobh scoile de, úsáidtear an t-idirlíon chun oibriú agus teagmháil a choinneáil le do mhúinteoirí nuair nach bhfuil tú ar scoil. Mar shampla, úsáidtear an aip “Microsoft Teams” chun coinneáil suas le d’obair scoile.

Buntáiste eile ná úsáidtear an teicneolaíocht chun teagmháil a choinneáil le do ghaolta thar lear. Tá go leor teaghlach ina gcónaí i dtíortha difriúla. Mar sin, is féidir leis a bheith deacair teagmháil a choinneáil leo. Ach, mar gheall ar an idirlíon, is féidir linn buntáiste a bhaint aisti. Mar shampla, úsáidtear an aip “Whatsapp” chun teagmháil a choinneáil le do ghaolta thar lear.

Ach faraor tarlaíonn rudaí olca ar líne. Ar líne, tarlaíonn bulaíocht ar dhaoine leochaileacha. Is féidir le daoine smachtúla bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine neamhurchóideacha. Mar thoradh air sin, is féidir le meabhairshláinte dhaoine dul in olcas. Ba cheart do na daoine a bheith níos cúramaí ar líne. Mar shampla, ar an aip “TikTok” tarlaíonn bulaíocht uaireanta air.

Mhíbhuntáiste eile ná nuair a úsáideann daoine an teicneolaíocht go fíormhinic. Faoi láthair, braitheann daoine an iomarca ar na meáin shóisialta. Léiríonn sé seo go bhfuil daoine óga spleách ar a bhfón póca. Caithfidh muid a bheith níos coinsiasaí gan an iomarca ama a chaitheamh ós comhair scáileáin.

Mholfainn don óige tráthnóna a ghlacadh ag siúl leis an madra chun a bheith níos sláintiúla. Creidim é seo mar go bhfuil orainn a bheith níos freagraí gan an iomarca ama a chaitheamh ag scrollú ar an bhfón póca.

Nuair a chaitheann daoine an iomarca ama ag scrollú ar an bhfón, cuireann sé isteach ar do mhearbhshláinte go cinnte, creidim.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.