Search

06 Sep 2025

Laochra ceoil chun teacht le chéile chun seanchnuasach d'amhráin a sheinnt i gclár nua

Ceol ón Earagail - Abair Amhrán, ar TG4 Dé Domhnaigh, 23 Meitheamh 9:30in

Laochra ceoil chun teacht le chéile chun seanchnuasach d'amhráin a sheinnt i gclár nua

Sibéal Ní Chasaide lena uncail Aongus Ó Chasaide

Filleann an tsraith ceoil Ceol ón Earagail le clár speisialta ag ceiliúradh amhrán cáiliúil na hÉireann ó shin, ‘Abair Amhrán’ á chur i láthair ag an amhránaí Sibéal Ní Chasaide.

Léirítear sa chlár seo an bailiúchán iontach amhrán seo, a foilsíodh ar dtús breis agus 60 bliain ó shin.

Tá an leabhar lán d’amhráin aitheanta, leithéidí Báidín Fheidhlimí, Buachaill ón Éirne, An Cailín Álainn agus go leor eile, a chloisfidh tú sa chlár speisialta seo ina mbeidh amhránaithe ag casadh a gcuid rogha ón leabhar.

Ar stáitse in Amharclann An Grianán i Leitir Ceanainn, agus amhráin as ‘Abair Amhrán’ á gcasadh tá an grúpa clúiteach teaghlaigh ‘Na Casaidaigh’ in éineacht lena neacht Sibéal Ní Chasaide.

Ar an gclár freisin beidh Marcus Ó Murchú, eagarthóir an eagráin is déanaí den leabhar a sheinnfidh lena bhean chéile Caitríona agus a iníon Róise.

Beidh Emma Ní Fhíoruisce agus Connor Ó Gallachóir i dteannta a gceoltóirí chomh maith le duine de na hamhránaithe is fearr sa tír, agus laoch Dhún na nGall, Mairéad Ní Mhaonaigh.

Foilsíodh an leabhar seo don chéad uair sa bhliain 1962. Is fíorshaibhir é de leabhar lán le hamhráin a chualamar go léir inár n-óige. Fiú mura n-aithníonn tú an leabhar, aithneoidh tú na hamhráin, agus gach seans go mbeidh ceann ar eolas agat, ar a laghad!

Foilsíodh seacht n-eagrán den leabhar idir 1962 agus 1978 ach tar éis iad a bheith díolta d’aois, ní fhéadfá cóip a fháil ar ghrá ná ar airgead. D’fhoghlaim Sibéal go leor de na hamhráin atá ar eolas aici ó sheanchóip a bhí ag a hAthair.

Anois, breis is 60 bliain tar éis an chéad fhoilseacháin, tá eagrán iomlán nua curtha i gcló agus go leor véarsaí nua curtha leis agus, chun ceiliúradh a dhéanamh, tugaimid chugat cuid de na hamhráin is coitianta ón leabhar.

Abair Amhrán, ar TG4 Dé Domhnaigh, 23 Meitheamh 9:30in

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.