Search

06 Sep 2025

Sraith nua cheoil Taoscadh ón Tobar ag tosú go luath

Sa chéad chlár, rachaidh an veidhleadóir Iodálach Andrea Palandri sa tóir ar cheol Phádraig Uí Chaoimh, máistir agus múinteoir ceoil Shliabh Luachra

Sraith nua cheoil Taoscadh ón Tobar ag tosú go luath

Doireann Ní Ghlacáin

Beidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe as Éirinn ag tarraingt as ábhar inspioráideach cartlainne chun scéalta cuid de cheoltóirí, amhránaithe agus bailitheoirí traidisiúnta eisceachtúla ó chuid de réigiúin ar leith na tíre a insint sa tsraith nua seo Taoscadh ón Tobar a bheidh le craoladh ar TG4.

Sheol Taisce Cheol Dúchais Éireann (TCDÉ) an tsraith, Drawing from the Well, in 2020 trínar baineadh úsáid as ábhar cartlainne chun sar-ealaíontóirí traidisiúnta a spreagadh le healaín nua a chruthú.

Craolfar leagan nua den choincheap seo i mbliana, Taoscadh ón Tobar, comhpháirtíocht idir TG4 agus Taisce Cheol Dúchais Éireann. Tabharfaidh cúigear ceoltóirí agus amhránaithe eile den scoth faoin bpróiseas céanna, iad ag foghlaim faoi cheoltóirí, amhránaithe, bailitheoirí, agus réigiúin ar leith. Cuirfear agallaimh, taighde agus ceol os ár gcomhair chun na scéalta saibhre seo a léiriú. 

Sa chéad chlár, rachaidh an veidhleadóir Iodálach Andrea Palandri (as an Veinéis, lonnaithe anois i mBaile na bhFionnúrach, Baile na nGall, Co Chiarraí) sa tóir ar cheol Phádraig Uí Chaoimh, máistir agus múinteoir ceoil Shliabh Luachra.

Casann fear na hIodáile le ceoltóirí agus le taighdeoirí, Matt Cranitch (Baile an Chollaigh, Co Chorcaigh) agus Peter Browne (An Charraig Dhubh, Baile Atha Cliath) ina measc agus aimsíonn siad taifeadtaí de cheol Phádraig nár chualathas riamh cheana.

Seinneann Andrea cúpla port a bhaineann le Pádraig Ó Caoimh i dteannta Clíodhna, Eoin agus Cormac Ó Beaglaoich (Cuas, Baile na nGall, Trá Lí, Co Chiarraí), Nicky McAullife (Oileán Chiarraí, Co Chiarraí) agus Aidan Connolly (Teach Mealóg, Baile Átha Cliath). Tiocfaidh taifeadtaí de cheol Phádraig nach raibh cloiste riamh cheana chun solais.

Craolfar Taoscadh ón Tobar oícheanta Dé Domhnaigh ón 12 Bealtaine 2024 ar TG4 & TG4.ie

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.