Search

06 Sep 2025

Dara séasúr den tsraith theilifíse cheoil Cumasc ar fáil ar sheinnteoir TG4

Is sraith é a ligeann dúinn taithí a fháil ar an nasc cruthaitheach a bhaineann le comhar ceoil

Dara séasúr den tsraith theilifíse cheoil Cumasc ar fáil ar sheinnteoir TG4

Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, and Austin Walkin' Cane | PICTIÚR: Jono Margetts

Tá Sraith 2 den chlár ceoil i gcomhar, Cumasc le fáil anois ar sheinnteoir TG4 ó Black Gate Productions.

Sa tsraith tá comhoibriú álainn le feiceáil ar fud 12 chlár a ndearnadh an scannánú orthu i gcroílár chathair na Gaillimhe, agus measctar scannánaíocht álainn ó cheolchoirmeacha le hagallaimh agus cláracha faisnéise breathnaitheacha pearsanta. 

Tá fuinneamh cruthaitheach ag croílár Cumasc agus bíonn draíocht i gceist le gach clár agus muid ag féachaint ar na ceoltóirí agus iad ag forbairt ceol nua le chéile. 

Tá ceoltóirí Éireannacha agus Idirnáisiúnta araon páirteach sa chlár amhail: Iarla Ó Lionáird, Cormac McCarthy, Matthew Berrill, Zoë Conway, Renaud Garcia-Fons, Róisin Chambers, Casper Clausen, Susan O'Neill & Phil Christie, Olesya Zdorovetska, Rónán Ó Snodaigh, Myles O’ Reilly, Brìghde Chaimbeul, Jack Talty, Naomi Berrill, Molly OMahony, Niamh Regan & Caoimhín Ó Raghallaigh, Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, Austin Walkin’ Cane, Róis, Eoghan Ó Ceannabháin, Saileog Ní Cheannabháin & John Francis Flynn, Ríoghnach Connolly, Sidiki Dembélé agus Shunya.

Is sraith é Cumasc a ligeann dúinn taithí a fháil ar an nasc cruthaitheach a bhaineann le comhar ceoil trí muid a thabhairt chuig croílár na n-amanna cumhachtacha sin nuair a bhíonn cumadh agus samhlaíocht i gceist.

Is léiriú grámhar é seo ar ní hamháin na traidisiúin cheoil a roinntear ar fud teorainneacha agus aigéan ach ar an gcumas gan teorainn atá ag an sprid chruthaitheach. 

Féach ar an tsraith tríd an nasc seo.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.