Search

06 Sep 2025

Buaiteoirí sheacht ngradam Ghradam Ceoil TG4 2024 fógartha

An onóir is airde i gCeol Traidisiúnta na hÉireann le bronnadh ar an mboscadóir as Luimneach, Derek Hickey

Buaiteoirí sheacht ngradam Ghradam Ceoil TG4 2024 fógartha

Gradam Ceoil 2024 TG4 - Derek Hickey

Fógraíodh buaiteoirí Gradam Ceoil TG4 le gairid i nDámh Chruinne Éireann Ollscoil Luimnigh.   

Tá Gradam Ceoil TG4, atá 27 mbliana ar an bhfód anois, fós ag tabhairt aitheantais don scoth taibhiúcháin agus don tionchar cultúir i seacht gcatagóir agus ag déanamh ceiliúradh orthu. 

Is am tábhachtach é fógairt na ngradam bliantúil i bhféilire an cheoil thraidisiúnta, ní hamháin chun aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach ag an seachtar buaiteoirí ach chun ceiliúradh a dhéanamh ar na ceoltóirí sármhaithe atá againn sa tír seo.  

Is léiriú ar an mbeogacht, éagsúlacht agus obair mhór den scoth atá á déanamh iad na buaiteoirí chun a chinntiú go leantar dár dtraidisiún a fhorbairt ar bhealach chomh healaíonta agus an caighdeán is airde a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

I meas na buaiteoirí ná:

  • GRADAM CEOIL TG4 2024 - DEREK HICKEY
  • AMHRÁNAÍ TG4 2024 - EOGHAN Ó CEANNABHÁIN
  • CEOLTÓIR ÓG TG4 2024 - MACDARA Ó FAOLÁIN
  • GRADAM SAOIL TG4 2024 - JEAN BUTLER
  • CUMADÓIR TG4 2024 – RYAN MOLLOY
  • GRÚPA CEOIL TG4 2024 – THE KANE SISTERS
  • GRADAM COMAOINE TG4 2024 – CAIRDEAS NA bhFIDILÉIRÍ 

Tugann Gradam Ceoil TG4, a bunaíodh in 1998, aitheantas ní hamháin do cheird na mbuaiteoirí ach féachtar freisin le borradh a chur faoi rath na mbuaiteoirí agus a gcuid ceoil, amhrán agus damhsa a chur ar fáil do lucht spéise ar fud an domhain trí chraoltaí ar ardáin TG4.  

Is painéal neamhspleách a thugann faoin bpróiseas roghnúcháin do Ghradam Ceoil TG4. Is iar-bhuaiteoirí iad roinnt de bhaill an phainéil agus bíonn siad go léir ag seinm nó ag obair laistigh den traidisiún. 

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: "Tá ríméad ar TG4 go bhfuil an deis seo aige chun aitheantas a thabhairt do na daoine cumasacha seo laistigh dár dtraidisiún.  Is comhartha buíochas é an Gradam uainne do na hoirfidigh go léir seo a bhíonn le feiceáil inár gcuid cláracha ceoil thraidisiúnta seachtain i ndiaidh seachtaine.  

Tá ríméad orainn go bhfuilimid ábalta cuidiú leo a gceoil ceoil a chur ar fáil do lucht féachana domhanda trí chraoladh beo Ghradam Ceoil 2024 ar ardáin chraolacháin TG4.  Déanaimid comhghairdeas leis na faighteoirí uilig."

Beidh ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo ar siúl i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach.

Craolfar an cheolchoirm cheiliúrtha agus searmanas na ngradam beo ar TG4 agus ar TG4.ie ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach ag 9:30in ar an 5 Bealtaine. 

Is féidir ticéid a fháil ar Ticéid Gradam Ceoil TG4 2024.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.