PICTIÚR: Instagram/@dakotajohnson
Tá sé ráite ag aisteoir aitheanta Meiriceánach gur éist sí le banna ceoil as Luimneach le dul i mbun carachtair dá scannán atá le teacht.
Dúirt Dakota Johnson, a bhfuil aithne uirthi mar Anastasia Steele sa tsraith scannán Fifty Shades of Grey, gur bhain sí úsáid as The Cranberries chun dul isteach ar a carachtar is déanaí, Madame Web.
Ag an chéad taibhiú don scannán nua i Los Angeles, thug Dakota le fios go ndéanann sí seinmliostaí dá carachtair go léir.
"Déanaim seinmliosta do mo charachtair go léir agus bhí go leor The Cranberries don cheann seo agus Foo Fighters. Tá an scannán ar siúl i 2003 agus bhí an ceol difriúil ag an am ach bhí sé chomh iontach."
@apnewsentertainment While at the "Madame Web” premiere, Dakota Johnson revealed she makes playlists for all her characters and had some timely artist choices for Cassandra Webb's playlist, as the film is set in 2003. #dakotajohnson #madameweb #cassandrawebb ♬ original sound - AP Entertainment
Banna rac-cheoil a foirmíodh i Luimneach a bhí sna Cranberries agus ar dtús b’ainm The Cranberry Saw Us,
Bhunaigh an príomhamhránaí Dolores O’Riordan ,an giotáraí Noel Hogan, an dordveidhil Mike Hogan agus an drumadóir Fergal Lawler an banna i 1989.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.