Úna Monaghan
Lena ceol, fiosraíonn Úna Monaghan na deiseanna a thagann nuair a bhuaileann ceol traidisiúnta na
hÉireann in éadan smaointe nua, a thugann dúshlán do na rialacha.
Leanann fadscannán faisnéise nua an cláirseoir, cumadóir agus innealtóir fuaime agus í i mbun
albam úr trialach a thaifeadadh, Aonaracht.
Léiríodh Aonaracht ag DoubleBand Films do BBC Gaeilge agus TG4 le maoiniú ó Chiste
Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Tá blianta fada caite ag Úna ag obair idir eolaíocht agus ealaíon, agus ag scrúdú na gcrosbhealaí idir
ceol traidisiúnta na hÉireann, ceol trialach, tobchumadh agus teicneolaíocht idirghníomhach.
Bhí tionchar ag saothar John Cage uirthi, agus inniu tá a clú féin tuillte ag Úna sa seánra. Agus Aonaracht ar cheann de na tograí is uaillmhianaí dá cuid, tá ar Úna anois áitiú ar sárcheoltóirí
traidisiúnta eile a muinín a chur inti agus sa seánra atá sí ag cur chun cinn: ag taifeadadh albam
rianta aonaracha measctha le leictreonaic.
Mar chúlra leis an saothar seo tá togra eile nua idir lámha ag Úna – máithreachas.
Tá cialla éagsúla an fhocail Aonaracht (leat féin, aon rud amháin) fite fríd an scannán, ó na píosa
aonaracha a chumann Úna dá ceoltóirí go dtí an ghéarthreoir a thugann sí dá ceol.
Ach fríd sin, tá codarsnacht ann leis an mhodh comhoibríoch leis an albam agus le comhpháirtíocht
ealaíonta Úna leis an dealbhóir Nóirín Nic Alastair, gur máthair léi í. Mar a ullmhaíonn Úna le fáilte a
chur roimh a céad páiste, tógtar an cheist – an dtig le máithreachas freastal ar a huaillmhian
ealaíonta?
Tá ceol ó chuid de shárcheoltóirí traidisiúnta na hÉireann in Aonaracht, lena n-áirítear Pauline
Scanlon, Paddy Glackin, Iarla Ó Lionáird, Jack Talty, Saileog Ní Cheannabháin agus Tiarnán Ó
Duinnchinn.
Fiosraíonn an scannán seo próiseas dhéanamh albaim ó thús go seoladh, agus an iliomad dúshlán,
féinamhrais agus athruithe móra saoil ar an bhealach, leis an choimhlint idir beatha an tuismitheora
agus iallach an léiriú ealaíonta a phlé.
Craolfar Aonaracht Dé Domhnaigh Feabhra 11 ar 22:00 ar BBC Two Northern Ireland agus BBC
iPlayer. Tá an scannán seo mar chuid de Season of Arts ar BBC iPlayer agus BBC Northern Ireland
ón Domhnach, Feabhra 11.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.