Search

06 Sep 2025

Gael Linn ag 70 ar TG4 an Nollaig seo

"Bhí taithí agam féin ar Ghael Linn ó aois óg nuair a thosaigh mé ag seinm píosaí ceoil éagsúla ag comórtais Scléip thíos i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath – an méid spóirt agus spraoi a bhí agam ag cur aithne ar daoine cosúil liom féin, as Gaoluinn, ó cheann ceann na tíre, ní raibh aon rud eile ar nós é."

Gael Linn ag 70 ar TG4 an Nollaig seo

Gael Linn

Déanfar ceiliúradh ceoil agus siamsúil ar Ghael-Linn, ceann de na heagraíochtaí ba nuálaí agus ba cheannródaíche sa dara leath den 20ú haois in Éirinn, i gclár comórtha atá le craoladh ar TG4.

Eagraíocht í seo a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal go raibh luach leis an nGaeilge agus gur bhain an Gaelachas leis an saol comhaimseartha freisin. 

I measc na n-aíonna a bheidh páirteach sa chlár beidh Moya Brennan, Iarla Ó Lionáird, Mairéad Ní Mhaonaigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire agus Rossa Ó Snodaigh, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, Mary Bergin agus Macdara Ó Faoláin, IMLÉ le Ríona Sally Hartman, Sarah Ghriallais, Muintir Uí Bheaglaoich, Gráinne Holland, Peadar Ó Riada, Niamh Farrell, Jos agus Ted Kelly, Binneas (buaiteoirí Shiansa Ghael Linn 2023), Pádraigín Ní Uallacháin agus Colm Bairéad. 

Gníomh misniúil agus fadradharcach a bhí i mbunú Ghael Linn a raibh glúin a rugadh i luathbhlianta an tSaorstáit nua ina bhun, glúin ar theastaigh uathu athrú a dhéanamh. Theastaigh dul i ngleic leis an ngéarchéim fostaíochta agus le bánú na Gaeltachta; theastaigh bealaí nua chun an teanga a chur i láthair an phobail seachas tríd an gcóras oideachais amháin chun go mbeadh seans eile ag an bpobal lasmuigh den Ghaeltacht eolas a chur ar an nGaeilge.

In 1953, thosaigh Radio Éireann ag glacadh le hurraíocht ar a gcuid clár. Bolscaireacht don urraitheoir agus ceol ábhar na gclár seo. Bhí clár seachtainiúil dátheangach ag Gael Linn ar a dtugtaí ardán iontach don eagras mar aon le ceol agus amhráin Ghaeilge a chraobhscaoileadh go náisiúnta.  Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i gcomhthéacs nua, mealltach siamsaíochta ar an gclár. Chruthaigh an clár próifíl don eagras, don Ghaeilge agus don cheol traidisiúnta agus bhíodh sé á chraoladh i lár clársceidil a bhí lán le popcheol agus cineálacha eile ceoil. Faoi lipéad Ghael Linn, eisíodh ceirníní ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta. 

Cuirfear tús leis an gclár comórtha seo le píosa filíochta nuachumtha arna chur i láthair ag Megan Nic Ruairí, ball den ghrúpa Bláth na hÓige, a d’eisigh ceirnín le déanaí ar lipéad Ghael Linn. Déanfar tagairt do thionchar Ghael Linn ar cheol taifeadta Thír Chonaill, an tionchar a bhí ag leithéidí Clannad, Aodh Ó Duibheannaigh, Skara Brae agus Altan ar an chultúr.

Beifear ag caint le Moya Brennan, Mairéad Ní Mhaonaigh agus le Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill.  

B’eagraíocht 32 contae a bhí i nGael Linn agus tá lorg agus tionchar na heagraíochta le brath i ngach gné de shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bunaíodh é. Bhí oifig acu i gContae Ard Mhacha ón tús agus pléifidh Pádraigín Ní Uallacháin, Réamonn Ó Ciaráin, Antoine Ó Coileáin agus Gráinne Holland é sin, mar aon le laoch Bhéal Feirste Albert Fry agus an tionchar a bhí ag Gael Linn ar an saol Gaelach sna Sé Chontae. Canfaidh Gráinne Holland ‘Síos an Sliabh’, amhrán a thaifead Albert Fry in 1979 agus a thaifead Gráinne í fhéin ar lipéad Ghael Linn in 2015 ar a ceirnín ‘Gaelré’.

Ba é ceirnín Mary Bergin Feadóg Stáin a 1 an ceirnín ba mó díolacháin riamh ar lipéad Ghael Linn agus beidh Mary agus an ceoltóir óg ildánach agus iar-bhuaiteoir ‘Siansa Gael Linn 2013’ ón Rinn, Macdara Ó Faoláin, linn chun píosa speisialta ceoil a thaifeadadh don chlár.

Ba é an scannán Mise Éire (1959) an scannán ba mhó cáil a léirigh Gael Linn inar insíodh scéal na hÉireann ó 1878 go 1918. Ba é an dlaoi mullaigh ar an saothar, b’fhéidir, an fuaimrian ceoil le Seán Ó Riada a cuireadh leis. Ba é Gael-Linn a thug an tacaíocht airgid agus an t-ardán poiblí don Riadach agus do Cheoltóirí Chualann a tháinig chun cinn tar éis na ceolchoirme stairiúla in Amharclann Gaiety in 1969.  Déanfaidh Áine Hensey, Pádhraic Ó Ciardha, Peadar Ó Riada agus Colm Bairéad plé ar an scannán, ar an gceol agus ar an tionchar a bhí ag Seán Ó Riada agus ag Ceoltóirí Chualann ar na glúnta a bhí le teacht.

Coimisiúnaíodh cóiriú nua den amhrán iomráiteach Cúnnla don chlár freisin, arna chur i dtoll a chéile ag iar-bhuaiteoirí ‘Siansa Gael Linn 2009’ Niamh Farrell, Cilllian Doheny, Ted Kelly agus Jos Kelly as Sligeach ar baill iad freisin den ghrúpa Moxie.

Ba é Slógadh, óg-fhéile na n-ealaíon, beart mór Ghael Linn don ghlúin óg agus reáchtáladh an chéad Slógadh Náisiúnta in 1970. Comórtas nuálach siamsaíochta agus ceoil a bhí ann do dhéagóirí a thuill cáil agus iomrá agus a thug a gcéad deis do mhórán ceoltóirí agus grúpaí a bhain cáil amach ina dhiaidh sin - ina measc Skara Brae, Hothouse Flowers, Na Casaidigh, Stockton’s Wing, Sharon Shannon, Iarla Ó Lionáird, Kíla agus Dolores O'Riordan. Deanfaidh Áine Hensey, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire, Rossa Ó Snodaigh agus Iarla Ó Lionáird Slógadh agus an tréimhse spreagúil sin a phlé.

Tá an amhránaíocht ar an sean-nós fite fuaite i scéal Ghael Linn agus taifeadadh déanta ag  Darach Ó Catháin, Caitlín Maude, Áine Uí Cheallaigh agus Seosamh Ó hÉanaí agus neart eile ar lipéad na heagraíochta le himeacht na mblianta. Thaifead an t-amhránaí clúiteach ar an sean-nós ó Chonamara, Sarah Ghriallais, ceirnín le Gael Linn in 1987 nár eisíodh go dtí 2022. Casfaidh Sarah an t-amhrán Oiriallach Amárach Lá ‘le Pádraig i gCoill Bhearna ar an gclár.

Thacaigh Gael Linn i gcónaí leis an nua-chumadóireacht agus le cumadóirí Gaeilge. Smaoiníonn muid ar leithéidí Na Fíréin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Philip King agus Pádraigín agus Eithne Ní Uallacháin. Le deich mbliana anuas, tá roinnt ceirníní agus singlí eisithe ag an ngrúpa IMLÉ ar lipéad Ghael Linn. Labhróidh Cian Mac Carthaigh faoin ábhar seo agus tabharfaidh Ríona Sally Hartmann agus IMLÉ léiriú álainn ar a n-amhrán nuachumtha Go deo, Go deo ar an gclár.

Aniar TV a léirigh Gael Linn ag 70 do TG4. Deir Seán Ó Cualáin Léiritheoir Feidhmiúcháin Aniar: “Bhí ríméad ar Aniar tabhairt faoin gclár comórtha seo ar scéal Ghael Linn agus mar a chruthaíodar an earnáil chruthaitheach Gaeilge atá againn inniu. Léirigh Gael Linn gur féidir leis na traidisiúin a bheith lárnach san athnuachan agus tugtar léiriú ar an tionchar dearfach a d’imir aon ghlúin amháin ar na glúnta a tháinig ina diaidh sa gclár,” a dúirt sé.

Ba é Dónal O’Connor, a bhfuil Gradaim IFTA agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais buaite aige, agus a fuair ainmniúchán RTS, léiritheoir agus stiúrthóir ceoil an chláir agus dúirt seisan: “Bhí ceangal pearsanta agam fhéin i rith mo shaol le Gael Linn mar gur thaifead mo thuismitheoirí, Eithne Ní Uallacháin agus Gerry O’Connor ceirnín ar an lipéad in 1987 agus d’eisigh m’aintín, Pádraigín Ní Uallacháin, roinnt ceirníní leo comh maith. Ar a bharr sin, d’iarr Gael Linn orm ceirníní a léiriú don lipéad ar nós ceirnín Ghráinne Holland - Gaelré, Eithne Ní Uallacháin - Bilingua & Gatehouse – Tús Nua, ceirníní a fuair 5* san Irish Times, agus bhí mé féin i m’iomaitheoir sna comórtais Díospóireachta, i Slógadh agus bhí mé i mo mholtóir ar Chomórtas Shiansa Gael Linn thar na blianta.” 

Dúirt sé gur thuig sé i gcónaí an tábhacht a bhain leis an obair a bhí ar bun ag Gael Linn ag bailiú, ag caomhnú agus ag cur na cartlainne dochreidte ceoil agus amhrán seo ar fáil: "Agus i measc na ngnéithe uile iontacha a bhain le hobair Ghael Linn thar na blianta, creidim gurb iad an ceol agus an lipéad ceoil na gnéithe ba shuntasaí agus ba luachmhaire agus gur chóir dúinn díriú air sin sa chlár ceiliúrtha seo.” 

Bhí Oisín Ó hEartáin ina Stiúrthóir Faisnéise ar an gclár agus dúirt seisean: “Bhí taithí agam féin ar Ghael Linn ó aois óg nuair a thosaigh mé ag seinm píosaí ceoil éagsúla ag comórtais Scléip thíos i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath – an méid spóirt agus spraoi a bhí agam ag cur aithne ar daoine cosúil liom féin, as Gaoluinn, ó cheann ceann na tíre, ní raibh aon rud eile ar nós é. Gan dabht tá taithí phearsanta sa chlann againn ar Gael Linn leis an obair ar fad a rinne mo sheanathair, Brian Ó Baoill, thar na blianta agus ba mhór an onóir dom é comóradh a dhéanamh ar 70 bliain den obair eisceachtúil sin de bhailiúcháin agus caomhnú ceoil, cur chun cinn na Gaoluinne agus an obair ar fad atá déanta ag Gael Linn chun meon na tíre a athrú ó thaobh ár dteanga agus ár dtraidisiún de.”

Is éard a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn: “Tá lúcháir an domhain orainn go léir i nGael Linn go mbeidh an clár speisialta seo, Gael Linn @70, á chraoladh ar TG4 - Tá saibhreas mór oidhreachta taifeadta ar lipéad íocónach Ghael Linn agus tá sé tábhachtach go mbeidh cuid den chatalóg mhór sin lárnach sa chlár atá léirithe go healaíonta ag Aniar TV móide míreanna suimiúla ó stair éachtach na heagraíochta.” 

Beidh Gael Linn ag 70 ar TG4 agus TG4.ie, 26 Nollaig ar a 8pm. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.