Search

21 Jan 2026

Tom Munnelly; Fear na nAmhrán ar TG4

Tom Munnelly; Fear na nAmhrán ar TG4

Le linn a shaoil, bhí sé de stuaim i dTomás os cionn 20,000 amhrán a bhailiú ón traidisiún béil agus cluastraidisiún agus bíonn cuid mhaith acu seo á gcanadh sa lá atá inniu ann ag ealaíontóirí ar nós Lankum, John Francis Flynn, Ye Vagabonds agus Sinéad O'Connor, nach maireann.

Le ceol ó Christy Moore, Thomas McCarthy agus Lisa Lambe, insítear sa chlár faisnéise seo dúinn faoi fhear iontach nach bhfuair ach oideachas bunscoile, ach a d'fhág lorg buan ar amhránaíocht agus ar chultúr na hÉireann.

Insítear dúinn faoina chairdeas le John Reilly, duine den Lucht Siúil, a raibh tóir ar a chuid amhrán mar gheall ar bhannaí ceoil ar nós Planxty, chomh maith leis an gcairdeas a bhí idir é féin agus daoine dála Junior Crehan, Nora Cleary, agus Tom Lenihan, ar bhailigh sé amhráin agus seanchas uathu do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus ina dhiaidh sin do Bhailiúchán Bhéaloideasa Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Agus Christy Moore, Thomas McCarthy, Lisa Lambe, Paddy Glackin agus Maighréad Ni Dhomhnaill páirteach ann, cuireann Tom Munnelly; Fear na nAmhrán os ár gcomhair cuid ár sinsir a bhí bainteach le traidisiún na hamhránaíochta in Éirinn agus léiríonn sé á thábhachtaí is a bhí saothar Tom Munnelly do chultúr comhaimseartha na hÉireann.

Agus é á léiriú agus á stiúradh ag Sorcha Glackin do Get Reel Film, craolfar Tom Munnelly; Fear na nAmhrán ar TG4 ar an 24 Nollaig ag 8.15pm.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.