Diane agus John Cannon
D'eirigh le Donegal Music Trials gradaim a bhaint ag Gradaim Ghlór na nGael ag mórócáid i bPáirc an Chrócaigh ar Samhain 15ú.
Is í oifigeach margaíochta ag Teach Solais Fhánada, Diane Cannon, a bhunaigh Donegal Music Trials agus d'éirigh thar barr leis ó bunaíodh é.
D'éirigh léi gradam óir agus dhá ghradaim airgead a bhaint amach i ndiaidh ainmniúchán a fháil i dtrí chatagóir.
Dúirt Diane: "Tá lúcháir mhór orm gur bronnadh gradam óir agus dhá ghradam airgead ar Donegal Music Trails sna trí catagóir ag gradaim ghnó na bliana seo. Comhghairdeas leis na gnólachtaí áitiúla uilig a fuair gradam i mbliana."
Is ceoltóir don chéad scoth í Diane agus bíonn sí ag taisteál ó thír go tír lena cuid ceoil.
Ina measc na gnólachtaí a bhí í láthair ag an mhórócáid bhí Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire.
Is í an láithreoir teilifíse Mary Kennedy a bhronn na Gradaim, agus ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí mar bean an tí.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.