Beidh TG4 ina Lárionad don Fhleadh Cheoil agus beifear ag craoladh trí chlár bheo ar an 11, 12 agus 13 Lúnasa a bheidh lán le scoth na n-amhrán, an cheoil agus an damhsa Ghaelaigh. Is i Muileann gCearr atá an ócáid i mbliana agus í ar ais san áit inar cuireadh tús léi an chéad lá riamh, sa bhliain 1951.
Déanfaidh an stáisiún roinnt de na comórtais a shruthú beo ar an seinnteoir www.TG4.ie agus déan cinnte cainéil meán sóisialta @TG4TV a leanúint chun an t-aicsean ó chúl an cheamara a fháil agus an ceol sa Mhuileann gCearr a chloisteáil, nó bí ag caint linn ar líne ag úsáid #Fleadh2023
Ní mór duit áit a bhaint amach sna babhtaí cúige ar dtús le bheith san iomaíocht i mbabhtaí ceannais na hÉireann. Tá na láithreoirí, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill, ag dul ar fud na tíre le tamall anuas, iad ag casadh le roinnt de na ceoltóirí is fearr sa tír, cuid acu a raibh súil acu féin áit a bhaint amach i gcomórtais na hÉireann, agus gach duine acu le bheith sa Mhuileann gCearr am éigin le linn na féile seachtaine.
Craolfar Fleadh 2023 beo ó Dé hAoine go dtí Dé Domhnaigh ón 9.30pm go dtí 11pm. Beidh an comhláithreoir Aoife Ní Thuairisg i dteannta na láithreoirí Peadar agus Doireann, chomh maith leis an scoth de cheoltóirí cumasacha Gaelacha ó ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
Beidh siad seo a leanas ar stáitse oíche Dé hAoine, Dolores Keane, Téada, Méabh Ní Bheaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich, Emmet Cahill, Paul Dooley agus Kseniya Rusnak, The Dublin Lasses, Antóin MacGabhann agus a theaghlach ina measc.
Is iad Cherish The Ladies, Máire Ní Chathasaigh agus Chris Newman, Eoghan Ó Ceannabháin and Ultan O’Brien, Enda Scahill agus Mick Conneely, Strange Boy, Meitheal Orchestra, Fusion Fighters, The Melbourne Céilí Band, agus Tempest a bheidh ag coinneáil ceoil linn oíche Dé Sathairn.
Maidir le hoíche dheireanach na Fleidhe oíche Dé Domhnaigh, beidh meascán ceoltóirí againn daoibh ó ar fud na cruinne, ina measc T With The Maggies, Liz Doherty agus Fiddlesticks, Ryan Molloy agus a chairde – The Piano Summit, Mark Redmond and Pipers of the World (le Pamela Schweblin, Liam Winnett agus neart eile), Dan McCabe, Billow Wood, Tura Arutura, Tara Howley, Tulua agus Doon Road
Tabharfaidh Fleadh 2023 ardán do laochra móra an cheoil mar aon le hardán a thabhairt do cheoltóirí cumasacha nua atá ag teacht chun cinn.
Lean cainéil meán sóisialta @TG4TV chun blaiseadh a fháil den méid a bhíonn ag tarlú agus den cheol a bhíonn ar siúl taobh thiar den cheamara, nó bí páirteach sa chomhrá ar líne trí úsáid a bhaint as #Fleadh2023
Is iad Power Pictures a léireoidh na trí chlár bheo a bheidh le craoladh ar TG4 idir Déardaoin an 10 Lúnasa agus Dé Domhnaigh an 13 Lúnasa, idir 9.30pm agus 11pm.
Mar atá luaite thuas, beidh TG4 ag craoladh beo ar líne freisin ó chomórtais éagsúla ar sheinnteoir an stáisiúin www.TG4.ie
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.