Oileán Thoraí
Cuireann séasúr an tsamhraidh fáilte roimh ghuth úr ar BBC Gaeilge – Bláithín Mhic Cana as Contae Ard Macha. Cuirfidh Bláithín, ceoltóir as Oirialla, sraith úr ceithre chuid i láthair, An Fonn Óg, ina ndíríonn sí ar an dóigh a bhfuil ceoltóirí óga ag caomhnú ealaín sin na hamhránaíochta ar an tsean-nós.
Thar na ceithre seachtaine, le tosú Céadaoin an 2 Lúnasa, cluineann muid ceathrar de na hamhránaithe óga traidisiúnta sean-nóis is fearr ina cuideachta, iad go léir ag caomhnú na healaíne ársa seo.
Labhraíonn siad ar na laochra atá acu i saol an tsean-nóis, ar a n-áirítear Lillis Ó Laoire, amhránaí a bhfuil Corn Uí Riada, príomhchomórtas na hamhránaíochta ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge, tugtha leis faoi dhó aige.
Sa chéad chlár, tá fear de bhunadh Thír Chonaill atá anois ag cur faoi i mBéal Feirste, Naoise Mac Cathmhaoil. An tseachtain ina dhiaidh sin, Lúnasa 9, téann Bláithín sa tór ar thraidisiún amhránaíochta Chiarraí ón chraoltóir, agus curadh reatha na mban sa tsean-nós, Sláine Ní Chathalláin.
Labhraíonn curadh na bhfear sa tsean-nós, Domhnall Ó Braonáin, ar thraidisiún Chonamara agus ar thionchar a mháthar ar a stíl cheoil féin – is í sin Caitlín Ní Chualáin, bean a bhain Corn Uí Riada roimhe.
Críochnaíonn an tsraith le Róise Nic Corraidh, amhránaí a tógadh i mBéal Feirste atá anois ina cónaí i nGaeltacht Thír Chonaill, ag caint ar thionchar Oileán Thoraí ar a cuid ceoil.
Tosneoidh an chlár an BBC ar Lúnasa 2.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.