Search

06 Sep 2025

Ceolta ó na Gleannta curtha i dtoll a chéile ag an file Colette Ní Ghallchóir

Ceolta ó na Gleannta curtha i dtoll a chéile ag an file Colette Ní Ghallchóir

Déanfar ‘Ceolta ó na Gleannta,’ cnuasach d’amhráin ar dhlúthdhiosca agus leabhrán ina theannta a sheoladh ar an Aoine, Iúil 7 ag a 8 a' chlog, i Halla an Éadain. 

Tá an saothar seo curtha le chéile ag an fhile aitheanta agus cumusach Colette Ní Ghallchóir. Stór amhráin as lárchríocha Thír Chonaill' atá ann agus tá plúr na gceoltoirí ag ceol na hamhráin ar an dhlúthdhiosca. 

I measc na hamhráin ar an dhlúthdhiosca tá Gleann Fhinne mo Ghleann a cheol ag Bríd Bn Mhic Fhloinn, Mo Mhallacht ar an Smugacháin, Johny 'Ac Luain, Máire Ní Chomhaill, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Sráid an Chlochán Léith, le Máire Ní Choilm, Gaoth Bearra na gCoillte le Noeleen Ní Cholla agus Ar Bhruach Loch Finne, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus The Glenties Glen le Brídín Uí Ghallchóir. 

"Tiomnaím an leabhar seo do mhuintir Chluinn, uathasan a d'fhoghlaim mé cuid mhór don eolas atá sa leabhar seo," a dúirt Colette Ní Ghallchóir. 

Tá tacaíocht a chur ar fáil don tionscadal seo ag Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus tá fáilte mhór roimh an phobal chuig an ócáid seo.

Ghabhadh an file buíochas ó chroí le achan duine a chuidigh léi an leabhrán agus an dlúthdhiosca a chur i dtoll a chéile ina measc súid Mícheál Ó Domhnaill a chuir an leabhar in eagar, Mícheál Ó Dochartaigh a rinne na hamhráin a thaifeadadh, Máire Uí Chomhaill, Ionad Noamh Pádraig, Caomhán Ó Scolaí, a rinne an dlúthdhiosca a dhearadh, Aodán Ó Gallchóir, Mícheál Ó Fearraigh agus Danielle Nic Pháidín ó Ealaín na Gaeltachta, Aodh Mac Ruairí Pleanáil Teanga na Gaeltachta Lair, na cumadóirí agus na hamhránaithe ar fad agus do Raidió na Gaeltachta. Tugadh buíochas ar leith do Annie agus Mary Ní Chuinn. 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.