Search

06 Sep 2025

Albam Digiteach Bláth na hÓige ar lipéad clúiteach Gael Linn

Tá oirfidigh iontacha ó na ceithre chúige le cloisteáil ar Bláth na hÓige: Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Étáin Ní Churraoin, Cathal Ó Curráin, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Megan Nic Ruairí, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir

Albam Digiteach Bláth na hÓige ar lipéad clúiteach Gael Linn

Tá ríméad ar Gael Linn, Aniar TV agus TG4 albam digiteach bunaithe ar shraith rathúil teilifíse den ainm céanna Bláth na hÓige a eisiúint.

Tá traidisiún na hamhránaíochta sean-nóis ina chuid bhunúsach d’oidhreacht cheoil na hÉireann. Ó chroílár an chultúir Ghaelaigh a thagann an traidisiún bríomhar béil seo. Tháinig ochtar amhránaithe den chéad scoth le chéile faoi stiúir an amhránaí/cheoltóra chlúitigh Síle Denvir, a bhfuil Gradam Ceoil TG4 2023 buaite aici, i gcomhar leis an veidhleadóir iomráiteach Colm Mac Con Iomaire, i Stiúideo Cuan i gConamara.

Ag tréimhse speisialta ina saol ceolmhar chaith na ceoltóirí seal le chéile ag comhoibriú agus ag athmhúnlú an traidisiúin lena dtuiscint féin ar an sean-nós a chur ar fáil. As an tearmann cruthaíochta seo a d’eascair Bláth na hÓige. 

Taifeadadh an t-albam nuálach seo beo-sa-stiúideo agus cuimsíonn sé áilleacht agus doimhneacht thraidisiún shean-nós na linne. Léiríonn na traiceanna plúr na gceoltóirí óga agus iad go mór ag iarraidh cuisle phreabach úrnua a chur in oidhreacht na hamhránaíochta Gaeilge.

Tá oirfidigh iontacha ó na ceithre chúige le cloisteáil ar Bláth na hÓige: Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Étáin Ní Churraoin, Cathal Ó Curráin, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Megan Nic Ruairí, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir.

Ar na príomhardáin dhigiteachta a bheidh teacht ar Bláth na hÓige ar lipéad clúiteach Gael Linn.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.