Megan Nic Ruairí
Beidh Megan Nic Ruairí ar TG4 dhá uair an seachtain seo agus í i mbun ceoil. Tá an ceoltóir árbh as do bhunadh Rann na Feirste í ag obair go dían, dicheallach, ar sí.
Is beag duine nach bhfuil aithne acu ar an ceoltóir cumasach i nDún na nGall - chaith sí tréimhse ag ceol leis an ghrúpa ceoil aitheanta, Clann Mhic Ruairí.
"Rugadh agus tógadh mé i Notthingham. Bhog muid anseo nuair a bhí mé bliain déag d'aois," ar sí.
Fiú ag an am sin, bhí Megan ina ceoltóir déanta agus í ag seinm an pianó ó bhí sí ceithre bliana d'aois.
Nuair a bhí sí cúig nó sé bliana déag d'aois, chuaigh sí i mbun stáitse le daoine muintearacha léi, Clann Mhic Ruairí. Is ag an am sin a thuig sí gur mhaith léi dhul i mbun ceoil.
"Is clann iontach ceolmhar iad," a dúirt Megan.
Rinne Megan staidéar ar an cheol ar an ollscoil agus d'éirigh go maith léi. Feictear raon an nadúr agus an timpeallacht go mór, mhór ina cuid ceoil. Feiceann an scríbhneoir go bhfuil an ceol i ngach gné don nadúr.
"Tá mé mo chonaí i mBaile Átha Cliath le naoí mbliana anuas. Is maith liom Baile Átha Cliath ach tá sé deas fios a bheith agam go dtíg liom dhul na bhaile am ar bith ar mhaith liom," a dúirt Megan.
Tá go leor idirlámha ag Megan idir cláranna teilifíse, obair stiúideo agus seóanna beo.
"Tá go leor ag tarlú i láthair na huaire," a dúirt sí.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.