Seolann an tAire Patrick O’Donovan comhairliúchán poiblí ag lorg tuairimí ó oibreoirí líonra, ó chomhlachtaí poiblí agus ó údaráis áitiúla
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, i ndáil le roghanna ar an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin.
Tá sé mar aidhm ag an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin luas a chur le rolladh amach agus an costas a bhaineann le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainneach teileachumarsáide (VHCNanna) a laghdú, trí rochtain níos fearr ar bhonneagar fisiciúil atá ann cheana a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil cur i bhfeidhm níos éifeachtaí bhonneagar fisiciúil nua, a chumasú.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan: “Beidh ról an-tábhachtach ag an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin agus Straitéis um Nascacht Dhigiteach an Rialtais á seachadadh, sé sin go mbeadh Líonra Gigighiotáin ar fáil do gach teaghlach in Éirinn faoin mbliain 2028. Cuirfidh sé chun cinn comhroinnt tras-earnála maidir leis an mbonneagar fisiciúil atá ansin cheana féin agus feabhsóidh sé an comhordú a dhéantar ar oibreacha sibhialta, agus ag an am céanna déanfar próisis riaracháin a chuíchóiriú.”
Rinne an tAire tuarascáil shaineolach a choimisiúnú agus chuaigh i mbun cainte leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun bonneagar a aithint a d’fhéadfaí a eisiamh ó oibleagáidí ar eolas a bhaineann leis an mbonneagar seo a chuir ar fáil i leagan leictreonach trí Phointe Eolais Lárnaigh (PEL).
LÉIGH FREISIN: Craolfaidh TG4 ceiliúradh 'cumhachtach agus spreagúil' ar fhilíocht, ceol agus taibhiú in onóir don Uachtarán Michael D Higgins
Is féidir nach mbeadh feidhm ag oibleagáidí in áit a bhfuil bonneagar fisiciúil neamhoiriúnach go teicniúil chun VHCNanna a chur i bhfeidhm nó sa chás go mbeadh na hoibleagáidí ar eolas a chuir ar fáil faoi chineálacha áirithe bonneagair díréireach. Lorgaíonn an comhairliúchán go gcuirfeadh páirtithe leasmhara ar spéis leo é, a gcuid tuairimí ar fáil i ndáil leis na conclúidí ar an tuarascáil shaineolach.
Is féidir rochtain a fháil ar an gcomhairliúchán poiblí anseo. Déanfar an tréimhse chomhairliúcháin a reáchtáil ón 19 Nollaig 2025 go dtí 11 Feabhra 2026.
Ceaptar go ndéanfar comhairliúchán breise a bhaineann leis an Acht um Bhonneagar Gigighiotáin i ndáil le bonneagar fisiciúil laistigh den fhoirgneamh agus sonraíochtaí sreangaithe snáithín, a sheoladh go luath an bhliain seo chugainn.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.