Dhá bhliain ó shin, chinn John Paul Curley éirí as an bplástráil agus díriú ar oiliúint Scileanna Seirbhíse Sláinte
Dúirt fear as Carn Domhnach a d’athraigh ó ghairm thógála go dtí gairm chúraim nach mothaíonn sé go bhfuil sé ag obair ar chor ar bith nuair atá difríocht á déanamh aige do shaol daoine.
Dhá bhliain ó shin, chinn John Paul Curley éirí as an bplástráil agus díriú ar oiliúint Scileanna Seirbhíse Sláinte trí Sheirbhís Breisoideachais agus Breisoiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.
Chinn sé an t-athrú seo a dhéanamh mar gheall ar a thaithí phearsanta ar aire a thabhairt dá mháthair agus an obair luachmhar a dhéanann cúramóirí gairmiúla a fheiceáil.
Tá sé ag obair le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann anois, agus is ábhar sásaimh do John Paul é a idirghníomhaíocht laethúil chun cabhrú le daoine ina dtithe féin.
“Sin é an rud faoin chúrsa; tugann sé post don tsaol duit,” a deir sé. "Ní ghlacfainn leis mar phost fiú. I ndiaidh blianta fada a chaitheamh ag obair ar láithreáin tógála, ní mhothaím go bhfuil mé ag dul ag obair nuair a dhúisím ar maidin.
“Tá rud éigin fiúntach á dhéanamh agat.”
Spreag aistear John Paul daoine eile mórthimpeall air chun an rud céanna a dhéanamh. Tá a chomhpháirtí, Patricia Kelly, díreach i ndiaidh bliain oiliúna mar chuid den chúrsa céanna a chríochnú, agus tá beirt chairde leis chun tús a chur leis an chúrsa i mí Mheán Fómhair.
Bhí an cúrsa páirtaimseartha seo, a reáchtáiltear idir Meán Fómhair agus Bealtaine, i gcomhair dhá lá sa tseachtain, sách solúbtha chun deis a thabhairt do John Paul leanúint ar aghaidh ag obair fad is a bhí sé ag staidéar.
Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Bhíomar sa rang ar an Máirt, agus uaireanta thiomáinfinn go Baile Átha Cliath an oíche sin, bheadh mé ag plástráil i gcaitheamh na seachtaine agus ansin shuífinn sa veain ar an Déardaoin agus d’fhreastalóinn ar an rang ar an ríomhaire glúine. Bhí mé ag iarraidh é a dhéanamh”.
Dúirt John Paul gur éirigh leis mar gheall ar an tacaíocht a fuair sé ó Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Paul, “Thug an ETB neart tacaíochta domsa, duine a bhí ag filleadh ar an oideachas. Ní raibh aon rud cosúil leis déanta agam riamh roimhe sin, ach ní raibh fadhb ar bith agam. Tá blianta fada caite ó rinne mé modúl agus shíl mé nach n-éireodh liom, ach nuair a bhíonn tú ag déileáil leis an ETB, cabhraíonn an dóigh a bhfuil an cúrsa á theagasc agus á chur i láthair go mór leat.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo theagascóir, Anne Tinney, as an oiread sin cabhrach a thabhairt dom”.
San áireamh sa chlár tá ocht modúl, lena n-áirítear scileanna cúraim, tacaíocht cúraim agus cleachtas oibre.
“Ní raibh aon fhadhb agam le haon mhodúl. Nuair a bhí an chéad mhodúl déanta, bhí sé éasca na modúil eile a dhéanamh. Ba é an modúl faoin gcúram maolaitheach an modúl ar bhain mé an méid is mó tairbhe as”.
Rinne John Paul a thaithí oibre i Sráidbhaile Cholmcille i gCluain Maine. Mar aon le húsáid a bhaint as a scileanna, d’fhoghlaim sé ceacht luachmhar - b’fhearr leis díriú ar obair for-rochtana pobail.
“D’fheil Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann níos fearr dom, agus d’fhoghlaim mé go leor faoi nuair a reáchtáil an ETB laethanta earcaíochta i Leitir Ceanainn. A luaithe is a bhí an cúrsa críochnaithe agam, rinne Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann teagmháil liom agus fuair mé post an tseachtain sin.”
Chomh maith leis sin, bhain John Paul tairbhe as tacaíocht ghairmthreorach trí ETB Dhún na nGall, a roinn eolas luachmhar leis don agallamh.
Dúirt John Paul gur éirigh sé níos muiníní in imeacht cúpla seachtain.
Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Foghlaimíonn tú gach rud nach mór a bheith ar eolas agat le ETB agus i ndiaidh cúpla seachtain ní bhíonn aon deacracht agat”.
Dúirt sé go bhfuil an-éileamh ar fhir sna cuideachtaí ar fad san earnáil iomlán.
“Mar chúntóir baile, tá tú cosúil le cara daoine. Tá an chraic chéanna a bhíodh agam ar na láithreáin tógála agam sna tithe agus réitímid ar fad go maith lena chéile.
“Tá gné shóisialta ag baint leis an obair fosta, mar ag deireadh an lae, tá tú ag dul isteach i dteach duine éigin. Trí bheith i rang le daoine eile, ag caint agus ag comhrá, éiríonn tú níos muiníní chun tabhairt faoin bpost fosta.”
Dúirt John Paul gur bhain sé féin agus a chomhghleacaithe ranga tairbhe as an chóimheas a léirigh a dteagascóir i rith a gcuid oiliúna.
“Caitheann siad leat mar dhuine fásta. Tá páistí agus teaghlaigh againn ar fad agus tá rudaí éagsúla eile ag tarlú a gcaithfimid díriú orthu fosta.”
Nuair a fiafraíodh de an molfadh sé an clár Scileanna Seirbhíse Sláinte, dúirt John Paul go bhfuil sé molta aige roinnt uaireanta cheana féin!
“Deirimid le daoine é a dhéanamh cinnte. Tá mo chomhpháirtí féin i ndiaidh críoch a chur lena céad bliain agus tá sí chun roinnt oibre mar chúntóir baile a dhéanamh. Mhol mé d’fhear eile agus dá bhean chéile tús a chur leis an chúrsa i mí Mheán Fómhair. Shíl go leor daoine nach n-éireodh liom é a dhéanamh, ach chloígh mé leis agus d’éirigh liom. Anois, nuair a fiafraítear díom conas é a dhéanamh, deirim, ‘Téigh chomh fada le ETB; eagróidh an fhoireann ansin gach rud duit.’”
Má tá tú ag smaoineamh ar ghairm nua, ar chúrsa uasoiliúna nó athoiliúna, tá raon leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha á dtairiscint ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae faoi láthair. Seiceáil do roghanna ar an tsuíomh gréasáin - cliceáil anseo - nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi do roghanna, déan teagmháil leis an tSeirbhís um Treoir d’Aosaigh agus Faisnéis ach glaoch ar an uimhir 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus
déanfaidh duine éigin teagmháil leat.
Tá cúrsaí oiliúna á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.