Bhí Shannon Price, atá 20 bliain d’aois, ag iarraidh a bheith ina gruagaire ó bhí sí ina girseach.
Tá bean dhíograiseach óg as Dún na nGall á bisiú féin i saol na gruagaireachta i ndiaidh cúrsa oiliúna cumhachtaithe a dhéanamh le meantóirí spreagúla.
Chuir Shannon Price as Carraig Airt críoch le déanaí le clár naoi mí le Seirbhís Breisoideachais agus Ardoideachais (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, cúrsa a thug deis di a sprioc a chomhlíonadh - a bheith ag obair mar dhathadóir agus mar ghruagaire oilte.
San áireamh sa chlár bhí foghlaim sa seomra ranga i Leitir Ceanainn agus taithí phraiticiúil luachmhar, a thug deis do Shannon forbairt a dhéanamh ó thosaitheoir go dtí ball oilte d’fhoireann salóin.
Bhí Shannon, atá 20 bliain d’aois, ag iarraidh a bheith ina gruagaire ó bhí sí ina girseach. I ndiaidh di an Ardteistiméireacht a dhéanamh i gColáiste na Maoile Rua, fuair sí post samhraidh sa The Hair Shop i gCreamhghort áit a raibh sí ag obair faoi threoir Paula Hegarty, agus ba ansin a fuair sí a taithí thosaigh.
Thug an cúrsa oiliúna deis di ansin díriú ar aistear foghlama foirmiúil. Anois ó tharla go bhfuil an cúrsa críochnaithe aici, bronnfar Dioplóma Leibhéal 2 City & Guilds uirthi i nGruagaireacht na mBan agus na bhFear.
Bíonn deis ag mic léinn a scileanna a fheabhsú i rith ceithre lá foghlama sa seomra ranga agus taithí oibre ar an láthair ar an Aoine. Thug socrúchán ceithre seachtaine roimh an Nollaig deis do na mic léinn blaiseadh a fháil den obair a bhíonn ar siúl i salón gnóthach i ndáiríre.
Le linn di a bheith ag smaoineamh siar ar a hoiliúint phraiticiúil dúirt Shannon gur breá léi a bheith ag dathú agus gealáin a dhéanamh. “Ba mhaith liom tuilleadh taithí a fháil as siocair gur mhaith liom díriú go speisialta air sin amach anseo.”
Threoraigh teagascóirí Shannon - Catherine Gilmore a bhí ag díriú ar an treoir agus Donna O’Donnell a bhí ag díriú ar an obair phraiticiúil, beirt a bhfuil neart taithí acu - an rang ón eolas praiticiúil go dtí an obair phraiticiúil a dhéantar gach lá.
“Cibé rud a rabhamar ag díriú air sa rang teoirice ar maidin le Catherine, dhírigh Donna air sa tráthnóna san obair phraiticiúil. Tháinig mainicíní isteach nuair a bhí ár scrúduithe á ndéanamh againn agus bhaineamar an-tairbhe as marcanna a bhronnadh orainn agus as noda a thabhairt dúinn láithreach.
“Fuaireamar neart tacaíochta, cabhraíonn siad leat barr do chumais a bhaint amach. Ní thabharfadh aon duine cead duit ‘Ní féidir liom é seo a dhéanamh’ a rá riamh, thabharfadh siad cead duit leanúint ar aghaidh go dtí gur éirigh leat rud éigin a dhéanamh i gceart gach uair.”
Mar aon leis an tacaíocht foirne, réitigh gach duine sa rang lena chéile fosta. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Shannon, “ón gcéad lá, réitíomar ar fad le chéile.
“Is córas tacaíochta iontach atá ann, má bhí tú in ísle brí, labhródh an fhoireann leat san oifig agus chuirfeadh siad in iúl duit go n-éireodh leat.”
Bhain Shannon tairbhe as timpeallacht thacúil in The Hair Shop fosta.
“Chuirfinn na gúnaí ar chliaint, nífinn a gcuid gruaige agus thabharfadh Paula cead dom na comhairliúcháin a dhéanamh. Thosóinn leis na gealáin agus leis na dathanna agus ansin chuirfeadh Paula an obair i gcrích.
Anois, ó tá mo chúrsa críochnaithe agam, tá mé in ann mo chuid oibre a dhéanamh níos gasta, agus thabharfadh Paula cead dom achan rud a dhéanamh; tá muinín aici asam.”
“Is breá liom a bheith ag obair le Paula nuair a bhíonn an oiliúint duine le duine á déanamh, is cara seachas ceannasaí í.”
Anois ó tharla go bhfuil dioplóma bronnta uirthi, tá Shannon ag dréim leis an chéad chéim eile. Tá siad i ndiaidh glacadh le post in The Hair Shop agus tá sé beartaithe aici teastas Leibhéal 3 a dhéanamh i nDoire.
Le bliain anuas d’fhoghlaim Shannon gur cleachtadh a dhéanann máistreacht, agus go n-éireoidh léi má leanann sí ar aghaidh ag obair.
“Mholfainn cúrsa a dhéanamh le ETB Dhún na nGall as siocair gur féidir leat dioplóma Leibhéal 2 a dhéanamh in 40 seachtain.
Dúirt Shannon go gcaithfidh gach duine tosú in áit éigin.
“Bíodh muinín agat asat féin, tógfaidh sé tamall cáilíocht a bhaint amach ach is fiú leanúint ar aghaidh.”
Tá ETB Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais faoi láthair don chéad chúrsa oiliúna i nGruagaireacht na mBan agus na bhFear a thosóidh i Meán Fómhair 2025 – is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne anseo.
Má tá tú ag smaoineamh ar ghairm nua, ar chúrsa uasoiliúna nó athoiliúna, tá raon leathan cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha á dtairiscint ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae faoi láthair. Seiceáil do roghanna ar an suíomh gréasáin nó más mian leat labhairt le duine éigin faoi do roghanna, déan teagmháil leis an tSeirbhís um Treoir d’Aosaigh agus Faisnéis trí ghlaoch ar an uimhir 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm seo agus déanfaidh duine éigin teagmháil leat - cliceáil anseo.
Tá cúrsaí oiliúna á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
*Ábhar urraithe
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.