Search

06 Sep 2025

Iarrtar ar an phobal a bheith páirteach i bhforbairt seanteach cúirte Leitir Ceanainn

Iarrtar ar an phobal a bheith páirteach i bhforbairt seanteach cúirte Leitir Ceanainn

Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Dhún na nGall don phobal a bheith páirteach i bhforbairt na bpleananna don seanteach cúirte i Leitir Ceanainn mar áis spéise do thurasóirí sa todhchaí. Tá fáilte roimh an phobal teacht chuig ócáid ​​Dé Céadaoin, ar an 17ú lá de mhí Eanáir.

Díreoidh an tionscadal ar athúsáid fhoirgneamh stairiúil an tí cúirte mar áis inspéise do thurasóirí. Táthar ag iarraidh go ndéanfadh an fhorbairt úr líon na gcuairteoirí a mhéadú go lár bhaile stairiúil Leitir Ceanainn agus sna ceantaracha magúaird.

Tá an ócáid ​inár bhféidir leis an phobal freastal ar á reáchtáil Dé Céadaoin am ar bith idir 2pm-8pm le tuilleadh eolais a fháil faoi na smaointe atá ann maidir le hathúsáid an fhoirgnimh agus lena dtuairimí féin a chur in iúl.

Beidh an fhoireann chomhairleoireachta, faoi stiúir EPIC Heritage Consulting Ltd agus foireann athnuachana Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar fáil le heolas a thabhairt faoi na smaointe atá á scrúdú leis an ionad seo a fhorbairt mar áis inspéise do thurasóirí agus le tuairimí agus smaointe na ndaoine a chluinstin.

Dúirt Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach, an Comhairleoir Kevin Bradley:“Tá seanteach Cúirte Leitir Ceanainn suite i suíomh iontach i gcroílár an bhaile agus tá muid an-tógtha leis na féidearthachtaí a chuireann sé ar fáil chun áit iontach a chruthú do thurasóirí. Tá mé ag achainí ar an phobal teacht go dtí an Seanteach Cúirte agus páirt a ghlacadh sa phlé.”

Dúirt Stiúrthóir Seirbhíse, Forbairt Pobail & Seirbhísí Pleanála, Liam Mac an Bhaird: “Tá Teach na Cúirte ina shócmhainn iontach a ba mhaith linn a athfhorbairt chun Leitir Ceanainn a chur chun cinn mar cheann scríbe bríomhar turasóireachta ann féin agus mar gheata chuig na háiseanna agus acmhainní eisceachtúla atá ar fáil ar fud an Chontae agus an réigiúin.

“Creideann muid go bhfuil go leor scéalta a d’fhéadfaí a insint trí athfhorbairt theach na cúirte agus ba mhaith linn cuidiú ón phobal i gcoitinne chun an t-eispéireas turasóireachta is fearr is féidir a chur ar fáil.”

 

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.