Táthar ag lorg oibrí óige ar oileán Thoraigh, feidhmeannach cultúrtha agus turasóireachta in Amharclann Ghaoth Dobhair agus measann Coiste Pleanála Teanga an Tuaiscirt gur cheart cuntóir teanga a éarcú sa cheantar.
Léiríonn na poist seo go bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar an líon jabanna atá curtha ar fáil do Ghaeilgóirí.
Beidh an job mar oibrí óige ar Thoraigh páirt-aimseartha. Tá 10 n-uair a chloig in aghaidh na seachtaine a dtairiscint leis an jab. Is féidir do Churam Beatha le cois d'iarratas chuig optthorai@gmail.com
Tá an post mar Fheidhmeannach Cultúrtha agus Turasóireachta fógartha ag Coiste na hAmharclainne. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair. Beidh sé de chúram ar an té a cheaptar clár oibre turasóireachta cultúrtha agus ealaíon a fhorbairt, a bhainistiú agus a riaradh i gcomhar le Coiste na hAmharclainne.
Glacfar le hiarratais do na poist thuasluaite go dtí an 19ú lá de mhí Eanáir.
Is é coiste Céim Aniar atá freagrach as an phlean teanga do limistéar pleanála teanga thuaisceart Dhún na nGall a chur i bhfeidhm. Measann Coiste Pleanála Teanga an Tuaiscirt gur cheart cuntóir teanga a cheapadh sa cheantar de bharr go bhfuil sé go fairsing sin.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Oifigí Céim Aniar.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.