Bronnann Garda Cósta na hÉireann conarthaí do shoithí cuardaigh agus tarrthála nua


Cuirfidh na conarthaí 21 Bád Inséidte Cabhail Dhocht (RHIBanna) nua agus 17 Bád Tarrthála Cladaigh (IRBanna) ar fáil d'aonaid Gharda Cósta na hÉireann ar fud na tíre
Bhronn Garda Cósta na hÉireann dhá chonradh ar Zodiac Milpro chun 38 soitheach cuardaigh agus tarrthála nua a dhearadh, a thógáil agus a sheachadadh mar chuid d'athnuachan mór cabhlaigh faoi Chlár Claochlaithe Maoirseachta – Ceannaireacht le Chéile de chuid Gharda Cósta na hÉireann.
Neartóidh an infheistíocht shuntasach seo cumas cuardaigh agus tarrthála muirí na hÉireann agus tacóidh sí le hoibríochtaí an Gharda Cósta timpeall an chósta sna blianta amach romhainn.
Cuirfidh na conarthaí 21 Bád Inséidte Cabhail Dhocht (RHIBanna) nua agus 17 Bád Tarrthála Cladaigh (IRBanna) ar fáil d'aonaid Gharda Cósta na hÉireann ar fud na tíre, rud a chuirfidh glúin nua de shoithí tarrthála atá deartha go sonrach agus atá in ann freastal ar riachtanais dhiana oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí nua-aimseartha ar fáil do chriú bád deonach.
Feabhsóidh na soithí nua cumas oibríochtúil agus iontaofacht ar fud na seirbhíse, ag soláthar sócmhainní tarrthála nua-aimseartha d'aonaid Gharda Cósta atá deartha chun oibriú go héifeachtach i dtimpeallachtaí muirí dúshlánacha. Táthar ag súil go seachadfar na chéad soithí in 2027, agus go ndéanfar seachadtaí ina dhiaidh sin ar bhonn céimnithe go dtí 2031.
Agus infheistíocht de thart ar €14 milliún i gceist leis an gClár Athnuachana Cabhlaigh, is léiriú é ar thiomantas suntasach ó Gharda Cósta na hÉireann chun cumas cuardaigh agus tarrthála muirí na hÉireann a neartú, ag soláthar soithí tarrthála nua-aimseartha, atá deartha go sonrach d’aonaid an Gharda Cósta chun tacú le hoibríochtaí tarrthála beatha i gcuid de na timpeallachtaí muirí is dúshlánaí.
Bhí úsáideoirí deiridh Gharda Cósta na hÉireann ríthábhachtach i múnlú na riachtanas don chabhlach nua, ag tarraingt ar a dtaithí fhairsing ar an líne tosaigh chun eolas a thabhairt do dhearadh agus do chumais oibríochtúla na soithí.
Bhí a gcuid ranníocaíochta lárnach i bhforbairt réitigh a léiríonn éilimh phraiticiúla oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí agus riachtanais na ndaoine a oibreoidh na soithí.
Bhí ról lárnach ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP), trína Foireann Ceannaigh Spota, i dtacaíocht a thabhairt do Gharda Cósta na hÉireann ar fud an tionscadail soláthair shuntasaigh agus theicniúil chasta seo.
Ag obair i ndlúthchomhar ó fhorbairt luath na gceanglas oibríochtúil agus na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe go dtí an straitéis soláthair, an próiseas tairisceana iomaíoch, an mheastóireacht chuimsitheach agus an dámhachtain conartha deiridh, chuir an OGP saineolas agus treoir speisialaithe soláthair ar fáil ag gach céim.
Thug an comhoibriú seo saineolas soláthair an OGP agus an t-eolas oibríochtúil speisialaithe agus an taithí tosaigh atá ag pearsanra Gharda Cósta na hÉireann le chéile, rud a chuir le dámhachtain rathúil dhá chonradh faoin gclár mór athnuachana cabhlaigh seo.
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Garda Cósta na hÉireann, Seán Canney TD: “Léiríonn an dámhachtain conartha seo tiomantas an Rialtais infheistíocht a dhéanamh inár seirbhís cuardaigh agus tarrthála muirí agus í a fheabhsú. Cuirfidh na Báid Inséidte Cabhail Dhocht nua agus na Báid Tarrthála Cladaigh cumas agus athléimneacht fheabhsaithe ar fáil, rud a chinnteoidh go mbeidh aonaid Gharda Cósta na hÉireann feistithe chun freastal ar dhúshláin an ama atá le teacht.”


Dúirt Mark McCarthy, Ball den Chriú Báid le hAonad Garda Cósta Scoil: “Mar oibrithe deonacha, braithimid ar ár mbáid aon uair a fhreagraímid glao ar chúnamh i ndálaí aimsire agus farraige dúshlánacha. Cuimsíonn dearadh an ghlúin nua de Bháid Inséidte Bolg Docht agus Báid Tarrthála Cladaigh taithí aonaid Gharda Cósta na hÉireann ar fud na tíre. Cabhróidh na soithí nua seo lena chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag freagairt go sábháilte agus go héifeachtach nuair is mó a bhíonn ár gcúnamh ag teastáil ó dhaoine.”
Dúirt Guillaume Laurin, Uachtarán Zodiac Milpro: “Taobh thiar de gach misean tarrthála tá daoine tiomanta ag obair chun beatha a chosaint, go minic sna dálaí is dúshlánaí. Tá meas mór againn ar thiomantas chriúnna Gharda Cósta na hÉireann agus an ról ríthábhachtach a imríonn siad chun daoine a choinneáil slán feadh chósta na hÉireann.
“Tríd an gcomhpháirtíocht seo, tá áthas ar Zodiac Milpro a saineolas a thabhairt chuig a seirbhís, ag soláthar soithí ardfheidhmíochta atá deartha chun tacú lena gcriúnna nuair is tábhachtaí é.”
Cuirfear na Báid Inséidte Cabhail Dhocht agus na Báid Tarrthála Cladaigh nua i mbun seirbhíse de réir a chéile, agus cláir chuimsitheacha tástála, oiliúna agus cur i bhfeidhm mar thaca leo. Cinnteoidh an cur chuige céimnithe seo aistriú réidh chuig an gcabhlach nua agus ullmhacht oibríochtúil agus seachadadh gan bhriseadh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála beatha timpeall chósta na hÉireann á chothabháil.