LEANANN foireann imscrúdaithe atá lonnaithe i Stáisiún Garda Mhainistir na Corann ag fiosrú na gcúinsí uile a bhain le dúnmharú Tina Satchwell.
Tuairiscíodh go raibh Tina ar iarraidh óna teach ar Shráid Grattan, Eochaill, Co Chorcaí i mí an Mhárta, 2017.
Tá scrúdú teicniúil an Gharda Síochána ag leanúint ar aghaidh ag an áit chónaithe sin agus tá an dara cuardach ag suíomh idir Eochaill agus Cill Ia, Co Chorcaí críochnaithe.
Tráthnóna inné, 11 Deireadh Fómhair, tháinig foireann Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána ar cad a chreidtear a bheith ina taisí daonna.
Cuireadh an Cróinéir ar an eolas. D'fhreastail an Paiteolaí Cúnta Stáit, an Dr Bolster ar an láthair ar maidin.
Aistríodh na hiarsmaí daonna go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a mbeidh siad faoi réir tuilleadh scrúdaithe lena n-áirítear anailís DNA.
Níos luaithe inniu, 12 Deireadh Fómhair, gabhadh fireannach ina 50idí, ar amhras dúnmharaithe, agus tá sé faoi choinneáil faoi fhorálacha Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 ag stáisiún Gardaí i gCo Chorcaí.
Leanann oifigeach ceaptha idirchaidrimh teaghlaigh le muintir Tina Satchwell a thabhairt cothrom le dáta ar dhul chun cinn an imscrúdaithe seo agus leanann mo smaointe agus smaointe na foirne imscrúdaithe leo ag an am deacair seo.
Arís, déanaim achomharc ar aon duine a bhféadfadh faisnéis a bheith aige/aici faoi dhúnmharú Tina Satchwell, is cuma cé chomh neamhshuntasach is atá an fhaisnéis sin, dul i dteagmháil leis an bhfoireann imscrúdaithe ag Stáisiún Garda Mhainistir na Corann ar (021) 462 1550, Líne Rúnda an Gharda Síochána ar (1800) 666111 nó aon Stáisiún Garda.
Is ábhar oibriúcháin leanúnach é seo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.