Tá os cionn 200 leasuithe leasuithe curtha chun tosaigh ag urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, le cosaint a thabhairt do phobail Gaeltachta, don teanga, agus do spásanna cultúir sa reachtaíocht pleanála.
Tá na leasuithe seo mar pháirt de scata níos mó chun feabhas suntasach a dhéanamh ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023. Tiocfaidh an Bille os comhair an Roghchoiste Dála Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcóir imscrúdú sna seachtaina amach romhainn.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh: “Leag Sinn Féin amach fís maidir le conas an dlí pleanála agus soláthar tithíochta a úsáid chun tacú le hinmharthanacht ár bpobal Gaeltachta i Meitheamh 2022 nuair ar sheol muid ár bpolasaí 10-bpointe “Ag Pleanáil don Athchóiriú”, a mhol measúnuithe tionchar teanga, aitheantas do phatrúin lonnaíochta Gaeltachta, pleanáil daonra teangabhunaithe agus meas don phleanáil teanga, i measc rudaí eile.
“D’fhoilsigh muid an cáipéis sin tar éis gur gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go mbeadh treoirlínte ríthábhachtacha ar phleanáil Gaeltachta, a bhí á lorg ag údaráis pleanála chomh maith le pobail, i bhfeidhm faoin am sin. Bliain go leith níos déanaí, níl tásc ná tuairisc orthu go fóill, agus é féin agus Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan ag imirt cluiche an mhilleáin fad is atá teaghlaigh Gaeltachta á mbrú amach toisc nach bhfuil áit acu le cónaí ann.
“Tá géarchéim sa Ghaeltacht. Tá líon na gcainteoir laethúil Gaeilge tar éis titim in dá daonáirimh i ndiaidh a chéile. Déanann na leasuithe molta againn iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim sin, agus san áireamh tá moltaí uainn ó 2022, aighneachtaí le déanaí ó Chonradh na Gaeilge, agus athruithe eile a threiseodh ról na Gaeilge sa Bhille agus a ligfeadh do cur chun cinn agus áiseanna don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
“San áireamh freisin i measc na leasuithe againn ná moltaí chun cosaint dlí a thabhairt do ‘ionaid oíche’, de réir geallúint inár gclár toghcháin i 2020, chun stop a chur leis an meath atá feicithe i gcás clubanna oíche, agus 85% acu dúnta ó thús na mílsaoise seo.
“I gcomhthéacs an bagairt leanúnach atá á dhéanamh ar inmharthanacht lárionaid cultúir eile, mar a bhí le feiceáil i gcás an Cobblestone i mBaile Átha Cliath, agus na constaicí atá roimh ealaíontóirí ag triáil stiúidéo nó spás cleachtadh a aimsiú le linn géarchéim costais maireachtála agus tithíochta atá ag cur brú ar chíos, thabharfadh leasuithe Shinn Féin cosaint freisin do ‘spásanna cultúir’, díreach mar a bhí an Buiséad Malartach againn do 2024 ag moladh Clár Caipitil do Spásanna Ealaíon chun spásanna nua a chruthú dár bpobail.
“Tá neamhaird déanta ag rialtais faoi cheannas Fhianna Fáil agus Fhine Gael thar na blianta ar shaol cultúrtha na hÉireann, ó chás na Gaeltachta go dtí ár nEalaíona. Tá sé in am é sin a athrú, agus bheadh tús sna leasuithe molta anseo.”
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.