Christmas FM raised €325,000 for charities over the festive period in 2023
Tá sé fógartha ag Christmas FM gur chruinnigh siad €324,000 in 2023 d’achomharc The Magic of Christmas a bhailíonn airgead do Barnardos, Barretstown, Make-A-Wish Ireland agus raon carthanachtaí leanaí a dhéanann difríocht i bpobail trí Fhondúireacht Phobail Éireann.
Is céim mhór eile iad síntiúis na bliana seo i dtreo sprioc Christmas FM breis agus €1,000,000 a bhailiú idir 2022–2024 ar mhaithe le draíocht na Nollag.
Úsáidfear na cistí chun tacú le 5,000 leanbh leochaileach inár bpobail atá buailte ag eachtraí trámacha an tsaoil amhail bochtaineacht, mí-úsáid, faillí agus méala, agus chun cabhrú le leanaí a bhfuil drochthinneas óige ag cur isteach ar a saol.
Tugann figiúr 2023 an tsuim iomlán a d’ardaigh an stáisiún raidió go dtí os cionn €3.5 milliún ó thosaigh sé ag craoladh 16 bliana ó shin. Cuirtear Christmas FM i láthair ar an aer gach bliain ag suas le 100 oibrí deonach a chaitheann na céadta uair an chloig dá gcuid ama le cúnamh ó chroífhoireann bhainistíochta.
I mbliana, thug na príomhurraitheoirí FM, Cadbury, Coca-Cola agus An Post urraíocht fhlaithiúil do Christmas FM.
Craoladh Christmas FM beo ó The Clayton Hotel, Gleann na Life.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.