Mairead Ní Mhaonaigh.
D’éirigh thar barr leis Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mbliana leis an mhórchuid do na ceolchoirmeacha agus ranganna lán go béal.
Dúirt eagraitheoir na scoile, Cathal Ó Curreáin, go raibh beagnach gach ócáid diolta amach.
Ní raibh ticéid ar bith fágtha do Ye Vagabonds, Bláth na hÓige agus an oíche mhór chinn bliana: “Bhí na ranganna nócha-cúig faoin gcéad díolta amach fosta le fíche muinteoir agus thar a bheith dhá chéad scolaire againn.
"Bhí na títhí tabhairneacha uilig pacáilte amach, siad sin Teach Mhicí, Teach Jack, Teach Hiudaí Beag, Drioglann Chroithlí, Teach Leo agus áiteanna eile,” a dúirt sé.
Tá an scoil Gheimhridh á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Mhol sé na hoibrí deonacha a tháinig amach agus a chuidigh leis an bhféile a reachtáil.
Beidh an Scoil Gheimhridh ag comóradh 30 bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn ó bunaíodh é mar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy.
Ghabhadh sé buíochas le muintir an cheantair a chuir tithí agus seomraí ar fáil do chuairteoirí.
“Gan an chuidiú sin - ní bheadh muid ábalta an féile seo a reachtáil,” ar sé.
Tá ticéid early bird ar fáil cheana féin don bhliain seo chugainn.
Ghabhadh sé buíochas chomh maith leis An Chomhairle Ealaíon a chur urraíocht ar fáil. Thug sé buíochas chomh maith do Raidió na Gaeltacha, Údarás na Gaeltachta, Maddens i mBéal Feirste, Ealaíon, Meitheal Pleanála Teanga, Five Farms Irish Cream agus An Chrannóg as úcht a gcuid tacaíochta.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.